Data Protection Commission
 
Protecting your personal privacy in the information age
Know Your Rights

Ráiteas Príobháideachta

Suíomh Gréasáin an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais príobháideachta maidir leis an suíomh gréasáin seo. Nílimid freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachta suíomh eile gréasáin. Tá aon naisc sheachtracha le suímh eile gréasáin aitheanta amhlaidh go soiléir.  Tá cuid de na téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo mínithe ag deireadh an leathanaigh seo.

Ráiteas Ginearálta

Géilleann an Coimisinéir Cosanta Sonraí go hiomlán dod cheart ar phríobháideacht, agus ní bhaileoidh sé aon fhaisnéis phearsanta mar gheall ort ar an suíomh gréasáin seo gan comhthoiliú soiléir uaitse. Caithfear ar na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de bhun na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003, le haon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú go deonach don Choimisinéir.

Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta

Ní bhailíonn an Coimisinéir Cosanta Sonraí aon fhaisnéis phearsanta mar gheall ort ar an suíomh gréasáin seo, seachas an fhaisnéis a sholáthraíonn tú go deonach (mar shampla trí ríomhphost a chur chugainn nó trín ár bhfoirm aiseolais ar-líne a úsáid). Ní nochtar aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú ar an mbealach seo d’aon tríú páirtí, agus úsáideann an Coimisinéir í ar shlite atá ag teacht leis an gcríoch ar sholáthair tú í ar an gcéad dul síos agus sin uile. Is féidir go ndéanfaí gan ainm a lua le d’fhaisnéis phearsanta agus í a húsáid do chríocha staitistiúla.

Do chearta maidir le sonraí a soláthraíodh tríd an suíomh gréasáin seo

Tá an ceart agat cóip a fháil de do shonraí pearsanta, sonraí gur féidir a sholáthair tú tríd an suíomh gréasáin seo. Chun an ceart seo a chleachtadh, tá ort scríobh chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí ag an seoladh thíos, nó ríomhphost a chur chuige ag eolas@cosantasonrai.ie.  Ba cheart duit aon aitheantóirí pearsanta a sholáthair tú níos luaithe tríd an suíomh gréasáin a thabhairt (e.g. Ainm; seoladh; uimhir theileafóin; seoladh r-phoist). Déileálfar le d’iarratas a luaithe agus is féidir é agus ní thógfaidh sé níos mó ná 40 lá le próiseáil.

Tá ceart agat chomh maith faisnéis atá neamhchruinn a cheartú. Má fhaigheann tú amach go bhfuil faisnéis atá neamhchruinn á choimeád ag an oifig seo ort, tá ceart agat treoir a thabhairt don Choimisinéir Cosanta Sonraí an fhaisnéis sin a cheartú. Caithfidh treoir dá leithéid a bheith i scríbhinn nó trí r-phost. Déileálfar le hiarratas a luaithe agus is féidir é agus ní thógfaidh sé níos mó ná 40 lá é a phróiseáil.

Faoi chúinsí áirithe tig leat chomh maith iarratas a dhéanamh an fhaisnéis a sholáthair tú tríd an suíomh gréasáin a scrios. Chun an ceart seo a chleachtadh de ghnáth bheifí ag súil go léireofá sárú éigin ar an dlí um chosaint sonraí maidir leis an mbealach a phróiseálann an oifig seo na sonraí atá i gceist.

Gearáin maidir le sonraí próiseáilte tríd an suíomh gréasáin.

Má tá imní ort maidir leis an mbealach a phróiseáiltear sonraí pearsanta ar an suíomh gréasáin seo, ná bíodh aon leisce ort cúiseanna imní dá leithéid a chur in iúl don Choimisinéir Cosanta Sonraí trí na sonraí teagmhála thíos.

Bailiú agus úsáid faisnéise teicniúil

Ní úsáideann an suíomh gréasáin seo fianáin, seachas fianáin sealadacha “seisiúin” a cheadaíonn do bhrabhsálaí suímh ghréasáin an chuairteora cuimhneamh ar na leathanaigh ar an suíomh gréasáin seo ar tugadh cuairt orthu cheana féin. Is féidir le cuairteoirí an suíomh gréasáin seo a úsáid gan aon chaillteanas feidhmíochta a bheith ann má tá díchumasú déanta ar na fianáin ón mbrabhsálaí gréasáin.

Logálann ár soláthraí seirbhíse idirlín mionsonraí teicniúla a bhaineann le cuairteanna ar an suíomh gréasáin seo do chríocha staitistiúla.  Ní bhailítear aon fhaisnéis a fhéadfaimís a úsáid le cuairteoirí ar an suíomh gréasáin a aithint. Tá na mionsonraí teicniúla a logáiltear teoranta do na míreanna seo a leanas:

• seoladh IP fhreastalaí gréasáin an chuairteora
• an ainm fearainn barrleibhéil atá á úsáid (mar shampla .ie, .com, .org, .net)
• an seoladh gréasáin roimhe sin a úsáid an cuairteoir chun teacht orainn, ag áireamh aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh
• sonraí sruthchliceála a thaispeánann trácht na gcuairteoirí ar fud an suíomh gréasáin seo (mar shampla an rochtain ar leathanaigh agus na doiciméid a íoslódáladh)
• an cineál brabhsálaí gréasáin a úsáid cuairteoir ar an ngréasán.

Ní dhéanfaidh an Coimisinéir Cosanta Sonraí aon iarracht ar chuairteoirí indibhidiúla a aithint, ná na mionsonraí teicniúla atá liostaithe thuas a lua le duine indibhidiúil.  Tá sé mar pholasaí ag an gCoimisinéir gan faisnéis theicniúil dá leithéid i leith cuairteoirí indibhidiúla gréasáin a nochtadh go deo d’aon tríú páirtí (seachas ár soláthraí seirbhísí idirlín, a dhéanann taifeadadh ar shonraí dá leithéid ar ár son agus atá faoi cheangal na bhforálacha rúndachta maidir leis sin), ach amháin má chaithfear faisnéis dá leithéid a nochtadh faoi réir dlí. Is é an Coimisinéir Cosanta Sonraí amháin a úsáidfidh an fhaisnéis theicniúil, agus is do chuspóirí staitistiúla agus riaracháin amháin a úsáidfear í. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach ionann na sonraí teicniúla, nach féidir linn a lua le duine atá inaitheanta, agus “sonraí pearsanta” do chuspóirí na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

Gluais de théarmaí teicniúla a úsáideadh

brabhsálaí gréasáin – An bogearra a úsáideann tú chun leathanaigh gréasáin a léamh. Samplaí: Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator agus Opera.

seoladh IP – Na mionsonraí aitheanta do do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín), léirithe i gcód "prótacail idirlín" (mar shampla 192.168.72.34).Tá seoladh éagsúil IP ag gach ríomhaire atá ceangailte den ghréasán, cé nach gá go mbeadh an seoladh mar a chéile gach babhta a dhéantar nasc.

fianáin – Blúirí beaga faisnéise, a stóráiltear i gcomhaid simplí téacsa, curtha ar do ríomhaire ag suíomh gréasáin. Is féidir leis an suíomh gréasáin na fianáin a léamh nuair a théann tú ar do chuairteanna ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh go mbainfeadh an fhaisnéis atá stóráilte i bhfianán le do nósanna brabhsála ar leathanach gréasáin, nó le huimhir éagsúil aitheantais i dtreo is gur féidir leis an suíomh gréasáin “cuimhneamh” ort nuair a thugann tú cuairt arís air. De ghnáth, ní choimeádann fianáin faisnéis phearsanta a bhféadfaí tú a aithint uathu, ach amháin má thug tú faisnéis dá leithéid don suíomh gréasáin.






» Permanent Link

Office of the Data Protection Commissioner. Canal House, Station Road, Portarlington, Co. Laois, Ireland.
LoCall 1890 25 22 31 - Phone 00353 57 868 4800 - Fax 00353 57 868 4757 - email info@dataprotection.ie