|
Forfheidhmiú
Cionta agus Pionóis : Eolas ginearálta ar na cionta mar a leagtar amach laistigh de na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus na Rialacháin um Cumarsáide Leictreonaí agus sonraí de na pionóis a d'fhéadfadh a bheith tabhaithe (lena n-áirítear pionóis coiriúla agus sibhialta nó forghéileanna). Gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí : Mionsonraí maidir le conas is féidir le duine gearán a dhéanamh leis an Oifig seo agus eolas ginearálta maidir leis an bpróiseas imscrúdaithe do ghearáin. Féin-Rialú agus Cóid Chleachtais : Sonraí maidir le cóid chleachtais atá formheasta go foirmiúil ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí faoi Alt 13 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, agus eolas ar conas is féidir le comhlacht ionadaíochta tús a chur le cód cleachtais. Iniúchtaí : Eolas ar feidhmeanna iniúchóireachta na hOifige seo, lena n-áirítear leabhrán treorach d'eagraíochtaí ag míniú an próiseas iniúchta agus gur féidir a úsáid mar uirlis féin-mheasúnaithe.
» Nasc Buan |
|||
|
|||