Data Protection Commission
 
Protecting your personal privacy in the information age
Know Your Rights


Ceisteanna Coitianta
Nóta:  Cuireadh na ceisteanna agus freagraí coitianta seo a leanas le chéile d’fhonn cúnamh a thabhairt do dhamhnaí sonraí agus do rialtóirí sonraí araon.  Níl siad cuimsitheach agus níl siad ina gceangal ar Oifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí maidir le conas a dhéanfar léirmhíniú ar na hAchtanna um Chosaint Sonraí mar  glacann an Oifig seo cur chuige cás ar chás ag brath ar na sainghnéithe i ngach cás ar leith maidir le gearáin agus ceisteanna eile a bhíonn faoi bhreithniú nó faoi imfhiosrú.
 
ÁBHAIR

 1. Ginearálta
1.1 Cad is sonraí pearsanta ann?
1.2 Cé na cumhachtaí atá ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí?


(a) Imscrúduithe ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí
(b) Cumhacht an Choimisinéara chun faisnéis a fháil
(c) Cumhacht an Choimisinéara chun iallach a chur ar dhaoine géilleadh do na hAchtanna
(d) Cumhacht an Choimisinéara toirmeasc a chur ar shonraí pearsanta a bheith á n-aistriú thar sáile
(e) Na cumhachtaí atá ag “oifigigh údaraithe” dul isteach in áitreabh agus imscrúdú a dhéanamh air
(f) Achomhairc go dtí an chúirt in aghaidh cumhachtaí nó cinntí an Choimisinéara
(g) Ionchúiseamh a dhéanamh maidir le cionta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus faoi I.R.535, 2003

1.3 Cad é an difríocht atá idir Saoráil Faisnéise agus Cosaint Sonraí?
1.4 Cad is brí le sonraí íogaire pearsanta?
1.5 Cad is faisnéis iomarcach ann?
1.6 An ngabhann riachtanais cosanta sonraí le hábhar a chuirtear ar shuímh um líonrú sóisialta?
1.7 Cad iad na cearta atá agam maidir le mo thorthaí scrúduithe, is m’ainm a chur ar chlár fógraí, i leabhrán nó a bheith á n-úsáid ag searmanas bronnta?
1.8 Cad é an difríocht atá idir an Clár Iomlán Toghthóirí agus an Clár Atheagraithe Toghthóirí?

2. Cumarsáidí margaíochta dírí
2.1 Cad is margaíocht dhíreach ann?
2.2 Cad is cumarsáid gan iarraidh ann?
2.3 An bhfuil slite ann chun stop a chur le teagmhálacha margaíochta gan iarraidh ?
2.4 Tá glaonna núise/bagracha teileafóin á bhfáil agam
2.5 Conas is féidir liom m’uimhir theileafóin a thaifeadadh ar Bhunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta (BSEN)?
2.6 An bhfuil feidhm ag an BSEN ar fhóin phóca?
2.7 Cá bhfios dom cén rogha atá taifeadta?
2.8 Má theipeann ar mo sholáthróir líne mo rogha go gcuirfí ar chlár rogha an diúltaithe an BSEN mé, cad is féidir liom a dhéanamh?
2.9 An bhfaighidh mé glaonna margaíochta fós ó dhaoine a mbíonn gnó ar bun agam leo?
2.10 Conas is féidir liom duine éagtha a bhaint de bhunachar margaíochta dírí sonraí?
2.11 Cé leis a dhéanfaidh mé gearán?

3. Ceart rochtana / ceart ar cheartú
3.1 Conas is féidir liom a fháil amach cén fhaisnéis atá á choimeád ag comhlacht nó ag cuideachta orm?
3.2 Conas a tháinig Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar tháille rochtana de €6.35?
3.3 An bhfuil aon eisceachtaí ann maidir leis an gceart rochtana?
3.4 Cad a tharlaíonn má dhiúltaíonn eagraíocht freagairt do  m'iarratas rochtana?
3.5 An féidir le haon duine eile iarratas rochtana a dhéanamh ar mo shon?
3.6 Cad iad na cearta atá agam maidir le rochtain ar fhaisnéis cuntais atá in ainm mo chéile?
3.7 Cad is féidir liom a dhéanamh má fhaighim amach go bhfuil sonraí pearsanta atá á gcoimeád orm mícheart?
3.8 Conas is féidir liom mo rátáil chreidmheasa / stair chreidmheasa a fháil?
3.9 Cén fhaisnéis atá á choimeád orm ar an gclár árachais?
3.10 Cé na cearta atá agam rochtain ar script scrúdaithe a rinne mé?
3.11 An féidir liom rochtain a fháil ar mo thaifid míochaine faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí?
3.12 Cé na cearta atá agam maidir le faisnéis atá mícheart a cheartú ag áireamh faisnéise ar chomhad míochaine?
3.13 An féidir liom rochtain a fháil ar shonraí pearsanta maidir le gaol atá éagtha?
3.14 Conas is féidir liom sonraí pearsanta maidir le duine atá éagtha a leasú?
3.15 Cad iad na ceisteanna cosanta sonraí a ghabhann le rochtain a fháil ar oiris ag áireamh rollaí / dialanna imeachtaí scoile?

4. Cosaint sonraí sa láthair oibre
4.1 An féidir le m’fhostóir rochtain ar mo ríomhphost nó ar m’úsáid idirlín? / An féidir liom rochtain ar úsáid ríomhphoist nó ar úsáid idirlín m’fhostaithe?
4.2 Cén cineál fiosruithe cúlra is féidir liom a dhéanamh ar fhostaithe ionchaise?
4.3 Conas is féidir liom grinnfhiosrúchán na nGardaí a iarraidh maidir le fostaí ionchais?
4.4 Cén seasamh atá ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí maidir le hiarratais forghníomhaithe rochtana damhna (i.e. nuair a chuireann fostóir iallach ar a fhostaí ionchais iarratas rochtana a dhéanamh ar An nGarda Síochána chun gur féidir leis an bhfostóir rochtain a fháil ar thaifid ar aon chiontuithe coiriúla)?
4.5 An féidir liom ceisteanna a chur ar m’fhostaithe do chúraimí staitistiúla?
4.6 Cad iad na riachtanais a chaithfear a shásamh más mian liom glaonna teileafóin a thaifeadadh chun  críche oiliúna?

5. Bithmhéadracht
5.1 An féidir liom bithmhéadracht a thabhairt isteach i mo láthair oibre? An féidir liom bithmhéadracht a thabhairt isteach i mo scoil / choláiste?

6. Úsáid TFCI
6.1 Cad iad na ceisteanna a ghabhann le TFCI a bheith á úsáid?
6.2 Cad a tharlaíonn má iarrann údarás forfheidhmiúcháin dlí orm rochtain a thabhairt dóibh ar na taifeadtaí?
6.3 Cad a tharlaíonn má iarrtar cóip orm d’íomhá duine gur déanadh taifeadadh air?

7.   Dualgais rialtóirí sonraí
7.1 An bhfuil mo ghnó clúdaithe ag Achtanna na hÉireann um Chosaint Sonraí?
7.2 Cá fhad is ceart sonraí pearsanta a choimeád chun na dualgais a fhorchuireann na hAchtanna a shásamh?
7.3 Cá fhad is féidir meastachán árachais a choimeád?
7.4 Cad iad na cúinsí inar féidir liom uimhir PSP a iarraidh?
7.5 Conas a dhéanaim polasaí príobháideachta?
7.6 Cad iad na bearta slándála ar chóir dom a bheith i bhfeidhm agam chun sonraí pearsanta a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe?
7.7 Cad a dhéanfaidh mé má tharlaíonn sárú slándála?
7.8 An féidir liom taighde margaíochta a dhéanamh le mo chustaiméirí féin?
7.9 Is mian liom sonraí pearsanta a aistriú amach as Éirinn.  Cad is gá dom a dhéanamh?
7.10 An bhfuil aon ábhar ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ina bhfuil comhairle maidir le cad is cheart a bheith sonraithe i gconradh idir Rialtóir Sonraí agus Próiseálaí Sonraí?
7.11 Cad iad na cúinsí inar féidir liom sonraí pearsanta a nochtadh gan comhthoiliú an damhna sonraí?
7.12 Conas atá an scéal maidir le sonraí pearsanta atá san fhearann poiblí cheana féin?
7.13 Conas atá an scéal maidir le hionadaí díolachán le liosta cliant, an féidir léi nó leis é a thabhairt léi/leis nuair a fhágann sí/sé?
7.14 Tá cuideachta á tháthcheangal ag cuideachta eile.  An gcaithfidh an eagraíocht nua comhthoiliú a fháil sula n-aistrítear comhaid míochaine?

8. Clárúchán
8.1 Clárúchán leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí

9. Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?
9.1 Gearán a dhéanamh maidir le cionta faoi I.R.535, 2003
9.2 Gearán a chur isteach
9.3  Toradh ar ghearán


1. Ginearálta
1.1 Cad is sonraí pearsanta ann?
Is coincheap fairsing é seo. Tá treoir níos fairsinge maidir leis seo le fáil ag http://www.dataprotection.ie/viewdoc.asp?m=m&fn=/documents/guidance/310604.htm

Seo a leanas an sainmhíniú atá sonraithe san Acht:
ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí maidir le duine atá ina bheatha atá aitheanta nó inaitheanta as na sonraí nó as na sonraí i gcomhar le faisnéis eile atá, nó gur dócha a thiocfaidh i seilbh an rialtóra sonraí.”
Cuimsíonn sé aon fhaisnéis a bhaineann le duine inaitheanta a mhaireann.  Ar a shon sin, ní mór a chuimhneamh go bhféadfadh go n-éireódh sonraí pearsanta de thoradh faisnéise gur dócha a teacht i seilbh rialtóra sonraí.  Is minic nach mór measúnú cás ar chás a dhéanamh ag cur roinnt de na cúinsí thuasluaite san áireamh chun go measfaí an bhfuil sonraí pearsanta nó nach bhfuil.

1.2 Cé na cumhachtaí atá ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí?
Tá an Coimisinéir Cosanta Sonraí freagrach as deimhin a dhéanamh de go ngéilltear do chearta na ndaoine agus le deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonann na daoine a choimeádann faisnéis phearsanta a gcuid dualgas. Is é an cur chuige atá ag an gCoimisinéir maidir le gearáin, mar a fhoráiltear sna hAchtanna, ná iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach cairdiúil maidir leis an ní is ábhar don ghearán. I gcásanna nach féidir teacht ar réiteach sásúil, is féidir le gearánaí iarraidh ar an gCoimisinéir cinneadh foirmeálta a dhéanamh gur tharla nó nár tharla sárú. Ar a shon sin, níl an chumhacht ag an gCoimisinéir cúiteamh a bhronnadh. Is é an phríomhthosaíocht ag an gCoimisinéir, má sheasann sé le do ghearán, ná go ngéillfeadh an rialtóir sonraí don dlí agus go gcuirfeadh sé rudaí ina gceart. Má dhiúltaíonn an Coimisinéir do do ghearán, cuirfidh sé sin in iúl duit i scríbhinn.  Mura n-aontaíonn tú le breith an Choimisinéara, tá an ceart agat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh sa Chúirt Chuarda.

Tá sé sonraithe go soiléir sna hAchtanna um Chosaint Sonraí go bhfuil dualgas cúraim ar eagraíochtaí nó ar dhaoine indibhidiúla go bhfuil do shonraí pearsanta á gcoimeád acu.  Má dhéantar díobháil duit trí mhí-láimhseáil do chuid faisnéise pearsanta, d'fhéadfá a bheith i dteideal cúiteamh a éileamh trí na Cúirteanna agus is ceist í seo duit féin agus do do chomhairleoirí dlí. Níl aon fheidhm ag an gCoimisinéir maidir le himeachtaí dá leithéid a ghlacadh nó maidir le comhairle dlí a thabhairt.
D’fhonn cabhrú leis an gCoimisinéir is a f(h)eidhmeanna á chleachtadh aige/aici, sanntar cumhachtaí tábhachtacha ar leith dó/di faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, agus faoi na Rialacháin um Chumarsáid Leictreonach, I.R. 535, 2003.  

• Imscrúduithe ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí
• Cumhacht an Choimisinéara chun faisnéis a fháil
• Cumhacht an Choimisinéara chun iallach a chur ar dhaoine géilleadh don Acht
• Cumhacht an Choimisinéara toirmeasc a chur ar shonraí pearsanta a bheith á n-aistriú thar sáile
• Na cumhachtaí atá ag "oifigigh údaraithe" dul isteach in áitribh agus imscrúdú a dhéanamh orthu
• Achomhairc go dtí an chúirt ag cur i gcoinne cumhachtaí nó cinntí an Choimisinéara
• Ionchúiseamh a dhéanamh maidir le cionta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus faoi I.R. 535, 2003.
• Cóid Chleachtais.

a) Imscrúduithe ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí
Faoi Alt 10 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, déanfaidh an Coimisinéir imfhiosrú ar aon ghearán a fhaigheann sé ó dhaoine a bhraitheann nach bhfuil a shonraí pearsanta á láimhseáil de réir an Achta, ach amháin má tá sé den tuairim go bhfuil gearáin dá leithéid “suaibhreosach nó bearránach”.  Cuireann an Coimisinéir an cinneadh maidir leis an ngearán in iúl i scríbhinn don ghearánaí. Is féidir achomharc a dhéanamh go dtí an gCúirt Chuarda in  aghaidh chinneadh an Choimisnéara.
Is féidir leis an gCoimisinéir imfhiosruithe a thionscain dá stuaim féin chomh maith, nuair atá sé den tuairim go bhfuil an tAcht á shárú, nó go meastar dó é a bheith cuí d’fhonn deimhin a dhéanamh de go ngéilltear do na hAchtanna.

b) Cumhacht an Choimisinéara chun faisnéis a fháil
Faoi alt 12 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, is féidir leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí éileamh a dhéanamh ar aon duine cibé faisnéis atá riachtanach don Choimisinéir d'fhonn a fheidhmeanna a chomhlíonadh a sholáthar, leithéidí imfhiosrú a dhéanamh. Cuireann an Coimisinéir an chumhacht seo i bhfeidhm trí fhógra i scríbhinn ar a nglaoitear “fógra faisnéise” a sholáthar, don duine.
Tá an ceart ag aon duine a fhaigheann fógra faisnéise achomharc a dhéanamh ina aghaidh sa Chúirt Chuarda.
Cion is ea é gan géilleadh don bhfógra faisnéise gan leithscéal réasúnta. Cion is ea é chomh maith faisnéis bhréige a sholáthair, nó faisnéis atá míthreorach ar bhealach tábhachtach, go feasach, mar fhreagra ar fhógra faisnéise. Ní chuirfidh aon toirmeasc dlíthiúil cosc ar ghéilleadh d’fhógra faisnéise. Níl de dhíolúine ar ghéilliúntas d’fhógra faisnéise ach (i) nuair atá nó nuair a bhí an fhaisnéis atá i gceist, i dtuairim an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, nó i dtuairim an Aire Cosanta, á choimeád chun críche slándáil an Stáit a chosaint, agus (ii) nuair atá an fhaisnéis faoi phribhléid ó nochtadh in imeachtaí in aon chúirt.

c) Cumhacht an Choimisinéara chun Iallach a Chur ar Dhaoine Géilleadh don Acht 
Faoi alt 10 den Acht um Chosaint Sonraí, 1988, is féidir leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí éileamh a dhéanamh ar rialtóir sonraí nó ar phróiseálaí sonraí cibé céimeanna a mheasann an Coimisinéir atá cuí a ghlacadh d’fhonn géilleadh do théarmaí an Acht um Chosaint Sonraí, 1988. I measc na gcéimeanna sin d’fhéadfaí cuimsiú a dhéanamh ar shonraí a cheartú, cosc a chur ar na sonraí a bheith á n-úsáid do chúraimí ar leith, cur leis na sonraí trí ráiteas go dtugann an Coimisinéir faomhadh dó a chur leo, nó na sonraí a léirscrios ar fad. Cuireann an Coimisinéir an cumhacht seo i bhfeidhm trí fhógra i scríbhinn, ar a nglaoitear “fógra forfheidhmiúcháin”  a sholáthar don rialtóir sonraí nó don phróiseálaí sonraí. Tá an ceart ag aon duine a fhaigheann fógra forfheidhmiúcháin achomharc a dhéanamh sa Chúirt Chuarda.
Cion is ea é má theipeann ort nó má dhiúltaíonn tú géilleadh don bhfógra forfheidhmiúcháin gan leithscéal réasúnta.

d) Cumhacht an Choimisinéara Toirmeasc a Chur ar Shonraí Pearsanta a Aistriú Thar Sáile
Faoi alt 11 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, tig leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí toirmeasc a chur ar shonraí pearsanta a aistriú amach as an  Stát go háit atá lasmuigh den Stáit. Cuireann an Coimisinéir an chumhacht seo i bhfeidhm trí fhógra i scríbhinn ar a nglaoitear “fógra toirmisc” a sholáthar don rialtóir sonraí nó don phróiseálaí sonraí.
Is an Coimisinéir ag machnamh ar cheart an cumhacht seo a fheidhmiú, caithfidh sé/sí géilleadh don ghá atá le h aistrithe idirnáisiúnta faisnéise a áisiú.
Tig le fógra toirmisc a bheith dearfa, nó tig leis toirmeasc a chur ar shonraí pearsanta a aistriú go dtí go nglacann an duine atá i gceist céimeanna ar leith chun leas na ndaoine a mbaineann sé leo a chosaint. Tá an ceart ag aon duine a fhaigheann fógra forfheidhmiúcháin achomharc a dhéanamh sa Chúirt Chuarda
Cion is ea é má theipeann ort nó má dhiúltaíonn tú géilleadh do thoirmeasc atá sonraithe i bhfógra toirmisc gan leithscéal réasúnta.

e) Na Cumhachtaí atá ag “Oifigigh Údaraithe” dul Isteach in Áitribh agus Imscrúdú a Dhéanamh Orthu
Faoi alt 24 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, is féidir leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí “oifigeach údaraithe” a cheapadh chun dul isteach in áitreabh rialtóir sonraí nó próiseálaí sonraí agus imscrúdú a dhéanamh air d'fhonn an Coimisinéir a chumasú lena fheidhmeanna a chomhlíonadh, leithéid imfhiosrú a dhéanamh. Tá an cumhacht ag an oifigeach údaraithe, tar éis do nó di údarás i scríbhinn ón gCoimisinéir a thaispeáint:

• dul isteach san áitreabh agus iniúchadh a dhéanamh ar aon trealamh sonraíochta atá ann
• éileamh a dhéanamh ar an rialtóir sonraí, próiseálaí sonraí nó ar an bhfoireann cúnamh a thabhairt le rochtain ar shonraí chomh maith le haon fhaisnéis ghaolmhar a sholáthar
• iniúchadh agus cóip a dhéanamh d’aon fhaisnéis
• éileamh a dhéanamh ar an rialtóir sonraí, próiseálaí sonraí nó ar an bhfoireann faisnéis a sholáthar maidir le nósanna imeachta um ghéilleadh don Acht, foinsí na sonraí, na cúiseanna le sonraí pearsanta a bheith á gcoimeád, na daoine lena ndéantar na sonraí a nochtadh, agus an trealamh sonraí atá san áitreabh. 

Cion is ea é má dhéantar aon cheann díobh seo a leanas; cosc nó bac a chur ar oifigeach údaraithe; teip maidir le géilleadh d’aon cheann de na riachtanais thuasluaite; nó faisnéis bhréige nó mhíthreorach a sholáthar go feasach d’oifigeach údaraithe.

f) Achomhairc don Chúirt
Séanadh: Má tá sé ar intinn agat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a dhéan an Coimisinéir, nó i gcoinne feidhmiú cumhachtaí an Choimisinéara, moltar duit comhairle neamhspleách dlí a fháil. Tabhair faoi deara go bhfuil an t-ábhar atá sonraithe san alt seo á sholáthar do chúraimí ginearálta faisnéise amháin, agus ní airbheartaítear gur comhairle dhlíthiúil ná léirmhíniú cinntitheach den dlí atá ann ach oiread.
Faoi alt 26 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, is féidir achomhairc a dhéanamh sa Chúirt Chuarda ag cur i gcoinne:-

• éileamh atá sonraithe i bhfógra faisnéise
• éileamh atá sonraithe i bhfógra forfheidhmiúcháin
• toirmeasc atá sonraithe i bhfógra toirmisc  
• diúltú ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí glacadh le hiarratas ar chlárúchán, nó athnuachan a dhéanamh ar chlárúchán, nó leasú a dhéanamh ar mhionsonraí clárúcháin
• cinneadh ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí maidir le gearán a rinne duine

De ghnáth caithfear achomhairc a dhéanamh laistigh de 21 lá ón uair a seirbheáladh an fógra, nó ón dáta a fuarthas an diúltú nó an cinneadh. Níl dul thar breith na cúirte, cé gur féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh na cúirte san Ardchúirt ar phointe dlí.

(g) Ionchúiseamh a dhéanamh maidir le cionta Faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus faoi I.R.535, 2003

Tá foráil in alt 30 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí gur féidir leis an gCoimisinéir imeachtaí achomair a thionscain maidir le cion faoi na hAchtanna. Tá an cumhacht ag an gCoimisinéir chomh maith ionchúiseamh a dhéanamh ar chionta a ghabhann le margaíocht gan iarraidh faoi I.R. 535, 2003 (Rialacháin um Chumarsáid Leictreonach).

1.3 Cad é an difríocht atá idir Saoráil Faisnéise agus Cosaint Sonraí?
Tugann na hAchtanna Saorála Faisnéise an ceart do gach duine, faoi réir ag srianta ar leith, rochtain a fháil ar fhaisnéis atá á choimeád ag Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile sanntha go bhfuil cistíocht Stáit á fháil acu.  Ceadaíonn na hAchtanna Saorála Faisnéise do dhaoine chomh maith rochtain a lorg ar a sonraí féin atá á gcoimeád ag comhlachtaí dá leithéid.

Gabhann riachtanais na nAchtanna um Chosaint Sonraí le gach eintiteas dlíthiúil sa dhlínse seo cibé cineál Rialtais, príobháideach, deonach nó carthanachta a rialaíonn na sonraí pearsanta. Tá treoir bhreise maidir leis seo ar fáil ag
http://www.dataprotection.ie/ViewDoc.asp?fn=/documents/responsibilities/3bi.htm&CatID=53&m=y
Cuireann na hAchtanna oibleagáidí ar eintitis dá leithéid i dtéarmaí conas mar a phróiseálann siad sonraí pearsanta.  Ceann de na hoibleagáidí sin is ea cóip dá sonraí pearsanta a thabhairt don duine ar iarratas.  Tá an ceart seo um rochtain ar shonraí pearsanta faoi réir ag díolúintí an-teoranta.

Nuair a fhaigheann comhlacht poiblí atá faoi réir ag reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise iarratas SF ó dhuine chun a gcuid faisnéise féin a fháil, tá ar an gcomhlacht an t-iarratas a mheas faoi na riachtanais um chosaint sonraí agus an t-uasmhéid d’fhaisnéis an duine a thabhairt do/di ag cur an dá thacar reachtaíochta san áireamh.  Tá treoir níos mionchruinne maidir leis seo le fáil ag (http://www.dataprotection.ie/viewdoc.asp?m=m&fn=/documents/guidance/Data_Protection_and_FOI.htm)


1.4 Cad is brí le sonraí íogaire pearsanta?
Sainmhínítear sonraí íogaire pearsanta sna hAchtanna um Chosaint Sonraí mar aon sonraí pearsanta maidir le - 

(a) bunús cine nó eitneach, tuairimí polaitiúla nó creideamh reiligiúnach nó fealsúnach an damhna sonraí,
(b) cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an damhna sonraí ina b(h)all de cheardchumann
(c) sláinte fhisiciúil nó mheabhrach nó riocht nó saol gnéis an damhna sonraí,
(d) cion a dhéan nó líomhaintí gur dhéan an damhna sonraí cion, nó
(e) aon imeachtaí maidir le cion a dhéan nó líomhaintí maidir le cion a dhéan an damhna sonraí, diúscairt imeachtaí dá leithéid nó an pianbhreith ag aon chúirt in imeachtaí dá leithéid.

Éilíonn na hAchtanna um Chosaint Sonraí go sásófaí coinníollacha breise d’fhonn go mbeadh próiseáil sonraí dá leithéid dlisteanach.  De ghnáth is é a bhíonn i gceist leis seo ná comhthoiliú an duine go ngabhann na sonraí leis/léi.

1.5 Cad is faisnéis iomarcach ann?
Éilíonn na hAchtanna um Chosaint Sonraí nár cheart ach an t-íosmhéid is gá de shonraí pearsanta a éileamh agus a úsáid chun na feidhmeanna go bhfuil gá leis na sonraí pearsanta dóibh a chomhlíonadh.  Cuireann sé seo éileamh ar an Rialtóir Sonraí a bheith deimhin de i ngach cúinse go bhfuil na sonraí atá á n-éileamh cuí don chúis ar a iarradh é.  Caithfidh rialtóir sonraí a bheith ábalta a dheimhniú go bhfuil gach mír de na sonraí pearsanta atá á lorg ar dhuine ag teastáil ar chúis dhlisteanach.  Munar gá sonraí don chúis ar a lorgaíodh iad glacfar leis mar shárú ar na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

1.6 An ngabhann riachtanais Cosanta Sonraí le hábhar a chuirtear ar shuímh um Líonrú Sóisialta?
Tá gné i bpáirt ag suímh sa mhéid is gur gnách gur lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bhíonn siad óstáilte agus dá bhrí sin is deacair a bhaint amach conas na prionsabail um chosaint sonraí a chur i bhfeidhm ar shonraí atá ar shuímh dá leithéid.  Is féidir dlí cosanta sonraí a chur i bhfeidhm ar rochtain ar shonraí atá ar na suímh seo ach, i láthair na huaire, léiríonn an gnáthchlaonadh atá ann maidir le tuiscint níos fearr ar fhreagrachtaí sa réimse seo nach gcaithfí forchur na riachtanas cosanta sonraí a chur san áireamh rómhór i gcoinne suíomh dá leithéid. 

Níl dabht dá laghad ann ach go bhfuil ceist glúine anseo, mar tá an dealramh air nach bhfuil úsáideoirí na suíomh seo chomh buartha is a bheadh a dtuismitheoirí, mar shampla, maidir le ceisteanna príobháideachta.   Is cosúil nach mbraitheann úsáideoirí na suíomh seo gur coincheap neamhghnách é dlúthshonraí mar gheall orthu féin a chur suas ar spás inar féidir le cairde agus le daoine nach iad rochtain a fháil ar na dlúthshonraí sin.  Gan dabht, má ghlacann duine cinneadh eolasach maidir leis na tosca dearfacha agus diúltacha a ghabhann le hábhar dá leithéid mar gheall orthu féin a chur ar na suímh sin is é a gcúram féin go hiomlán é sin.  Is é an deacracht atá ann ná a mheas an gcuirtear na hiarmhairtí féidearthachta fadtéarmacha a ghabhann le ábhar dá leithéid san áireamh gach uair a chuirtear ábhar dá leithéid ar shuímh dá leithéid.

Baineann na ceisteanna cosanta sonraí le comhthoiliú (go háirithe má tá an duine faoi bhun 14) do phróiseáil a gcuid faisnéise agus an ceart atá ag duine bac a chur ar aon sonraí pearsanta ina dtaobh atá mícheart nó a cuireadh ar an suíomh gan comhthoiliú uathu.  D’fhéadfadh gur pictiúr de mhúinteoir é seo a tógadh, mar shampla,  i gcomhtheács seomra ranga i ngan fhios do/di nó ráitis fíorasacha atá bréagach maidir le duine.  Ní shíneann cumhachtaí na hOifige go hábhar atá ionsaitheach, pornagrafach nó díreach clúmhillteach.  Ar a shon sin, tá an fhreagairt chéanna riachtanach os na suímh sin maidir le mí-úsáidí dá leithéid agus is meicníocht éifeachtach ar ghearáin é sin atá foirnithe mar is cuí le pearsanra oilte gur féidir leo freagairt go mear do na ceisteanna a thógtar.

Meitheal Oibre Airteagal 29 - Tuairim 5/2009 ar Súimh le hAghaidh Líonrú Sóisialta

http://ec.europa.eu/justice_home/fsj/privacy/workinggroup/wpdocs/2009_en.htm

[Bunaíonn Airteagal 29 den Threoir an AE "Meitheal Oibre ar Chosaint Daoine Aonair maidir le próiseáil Sonraí Pearsanta". Tugtar de ghnáth an teideal " Meitheal Oibre Airteagal 29 " air. Is baill den Meitheal Oibre ionadaí ó údarás na cosanta sonraí de gach Ballstát san AE (lena n-áirítear An Coimisinéir Éireannach um Cosanta Sonraí), an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus Coimisiún an AE. Tá an Meitheal Oibre neamhspleách agus gníomhaíonn sé i gcáil chomhairleach. Oibríonn sé le h'aidhm na rialacha cosanta sonraí a chur i bfeidhm go cothromach ar fud an AE, agus foilsíonn síad tuairimí agus moltaí ar ábhair éagsúla um chosaint sonraí. Chomhairlíonn sé freisin Coimisiún an AE maidir le leordhóthanacht na caighdeáin um chosaint sonraí i dtíortha neamh-AE. ]


 

1.7 Cad iad na cearta atá agam maidir le mo thorthaí scrúduithe, is m'ainm á chur ar chlár fógraí, i leabhrán nó é a bheith á úsáid ag searmanas bronnta?
Cé gur cleachtas caighdeánach é seo atá á dhéanamh le tréimhse fada ama, is é an cleachtas is fearr maidir le Cosaint Sonraí ná go ngéillfí do dhuine a thógfadh ceist maidir lena sonraí pearsanta a bheith á dtaispeáint ar a leithéid de bhealach.   Go háirithe maidir le fíorthorthaí a bheith á dtaispeáint ar chlár fógraí nó i bhfoirm leabhráin, d’fhéadfadh gurb é an tslí is fearr chun é seo a bhaint amach ná trí uimhir seachas fíorainm an scoláire a thaispeáint.

1.8 Cad é an difríocht atá idir an Clár Iomlán Toghthóirí agus an Clár Atheagraithe Toghthóirí?
Ó 2004 i leith, tá ar údaráis chlárúcháin dhá leagan den Chlár Toghthóirí a fhoilsiú – an Clár ‘Iomlán’ agus an Clár ‘Atheagraithe’.   Sa ‘Chlár Iomlán’ tá liosta de gach duine atá i dteideal vóta a chaitheamh agus ní féidir an liosta seo a úsáid ach do chúram toghcháin nó do chúram eile reachtúil.

Sa ‘Chlár Atheagraithe’ tá ainmneacha agus seoltaí na ndaoine gur féidir a sonraí a úsáid chun críche seachas cúram toghcháin nó cúram eile reachtúil, e.g.  úsáid do mhargaíocht dhíreach nó eile ag eagraíocht tráchtála.


 
2. Cumarsáid Margaíochta Dírí
2.1 Cad is margaíocht dhíreach ann?
Is é atá i gceist le margaíocht dhíreach ná spriocdhíriú a dhéanamh ar dhuine mar dhuine indibhidiúil, agus an margóir ag iarraidh táirge nó seirbhís a chur chun cinn, nó ag iarraidh tabhairt ar an duine faisnéis bhreise a iarraidh maidir le táirge nó seirbhís.  Níl post neamhdhírithe a fhaightear sa bhaile clúdaithe ag an reachtaíocht um Chosaint Sonraí mar ní n úsáidtear sonraí pearsanta ann.  Ní chuimsíonn sé suirbhéanna margaíochta ach oiread a iarrann ort, mar shampla, do thuairimí polaitiúla nó do roghanna éisteachta raidió ort.

2.2 Cad is cumarsáid gan iarraidh ann?
Go bunúsach ciallaíonn gan iarraidh rud nár iarradh nó nár lorgaíodh. Má tá caidreamh leanúnach, nó má bhí caidreamh le déanaí agat le duine, is féidir nach nglacfaí le teagmháil ón duine sin mar theagmháil gan iarraidh, toisc gur féidir go mbeadh chomhthoiliú de chineál éigin ann.  Ina theannta sin, i gcúinsí ina bhfuil tú tar éis do shonraí teagmhála a thabhairt go saorálach is tú ag comhlíonadh suirbhéanna ar chineál saoil nó ag iontráil, d’fhéadfadh comhthoiliú a bheith ceangailte de shonraí dá leithéid maidir lena n-úsáid sa todhchaí agus b’fhéidir nach measfaí go raibh teagmháil ina dhiaidh sin gan iarraidh ag brath ar cad a bhí ar eolas agat nuair a sholáthair tú iad.

2.3 An bhfuil slite ann chun stop a chur le teagmhálacha margaíochta gan iarraidh?
Is féidir stop a chur le post margaíochta dírí gan iarraidh trí rogha an diúltaithe ó theagmhálacha dá leithéid a sheoladh ar ais chuig an seoltóir.  Ba cheart go mbeadh soláthar déanta ar mhodh len é seo a dhéanamh leis an gcumarsáid a fuarthas.  Caithfear géilleadh do do rogha.  Má tá ceisteanna ort maidir le foinsiú do chuid faisnéise, ba cheart duit míniú a éileamh ar an gcuideachta ábhartha.  Má tá tú míshásta leis an toradh sin déan teagmháil, le do thoil, leis an Oifig seo le comhairle bhreise a fháil nó chun gearán ar a ndéanfar imfhiosrú a dhéanamh.  Is sárú ar an Reachtaíocht Cosanta Sonraí é post margaíochta dírí gan iarraidh a sheoladh, agus nuair a chuirtear an Coimisinéir ar an eolas faoin a leithéid, féachfar lena cheartú.  Níl leanann pionós airgeadais an cion seo.

Cion is ea aon ghlaoch teileafóin, ríomhphost nó teachtaireacht téacs margaíochta dírí gan iarraidh a fhaigheann tú agus tig le fíneáil de €3,000 a bheith i gceist ar gach glaoch dá leithéid.
Is féidir glaonna margaíochta dírí gan iarraidh teileafóin a stop trí d’uimhir theileafóin a chur ar chlár rogha an diúltaithe Bhunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta (BSEN).  Baineann seo chomh maith le stop a chur le facsanna margaíochta dírí gan iarraidh chomh maith.

2.4 Tá glaonna núise/bagracha teileafóin á bhfáil agam
Is ceist í seo le himscrúdú ag do sholáthróir teileafóin agus ag na Gardaí.  Baineann do chearta um chosaint sonraí le glaonna chun críche margaíochta dírí.  Má tá ceisteanna ort ina dhiaidh sin maidir leis an mbealach ina bhfuair an duine atá ag glaoch ort d’uimhir theileafóin d’fhéadfadh ceist cosanta sonraí a bheith ann go bhféadfadh an Oifig seo dul sa tóir air.


2.5 Conas is féidir liom m'uimhir theileafóin a thaifeadadh ar Bhunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta (BSEN)?

Má tá tú ag aistriú go soláthróir nua líne teileafóin, iarrfaidh do sholáthróir nua do rogha margaíochta ort. Más suibscríobhaí tú cheana féin, is féidir le do sholáthróir reatha líne na nósanna imeachta atá le leanúint a thabhairt duit. De ghnáth beidh tú ábalta do rogha a chur in iúl trí ghlaoch teileafóin a chur ar do sholáthróir, agus ina dhiaidh sin b’fhéidir litir a scríobh. Ansin tá ar do sholáthróir líne na sonraí ábhartha a thabhairt don BSEN.

Ní thig le BSEN treoracha a ghlacadh ó rannpháirtithe indibhidiúla, ach ó sholáthróirí líne amháin.   Is seirbhís saor in aisce í seo agus coimeádfar taifead ar do rogha mura dtugann tú treoir nua.  Fanfaidh do rogha taifeadta chomh maith fiú má aistríonn tú go soláthróir eile líne.

• Custaiméirí Eircom – glaoigh ar 1901, roghnaigh fiosrú seirbhíse agus ansin roghnaigh iarratas eile – ná déan dearmad go gcaithfidh d’uimhir chuntais a bheith ar eolas agat.
• Custaiméirí BT -  glaoigh ar 1800 923 851 d’uathsheirbhís gearrchéime, nó is féidir labhairt leis an bhfoireann um chúram do chustaiméara ar 1909.

Chomh maith leis sin, i gcás d’uimhir gan a bheith ar liosta BSEN, tá an rogha ag gach aon suibscríobhaí a fhaigheann glaoch nó facs margaíochta a rá leis an nglaoiteoir gan teagmháil a dhéanamh leis/léi feasta.  Tá ceangal ar an duine sin géilleadh do rogha dá leithéid. Má thugann tú treoir dá leithéid, moltar duit nóta a choimeád den dáta agus den  am a thug tú an treoir chomh maith leis an uimhir dá ndearna tú an treoir a sheachadadh (agus ainm teagmhála má tá sé ar fáil).

2.6 An bhfuil feidhm ag an BSEN ar fhóin phóca?
Tá, tá liosta d’fhóin phóca atá cláraithe ag an BSEN chomh maith. Ar a shon sin, tá an cinneadh déanta ag oibreoirí na bhfón póca rogha an diúltaithe a uathoibriú dá gcuid suibscríobhaithe ar ghlaonna margaíochta. Más suibscríobhaí fóin phóca tú agus gur mian leat glaonna margaíochta a fháil, tig leat dul i dteagmháil le d’oibreoir agus do rogha a athrú sa BSEN.

Maidir le margaíocht dhíreach ríomhphoist agus téacs fón póca bhunaithe, cion is ea é cumarsáid dá leithéid a sheoladh chugat gan comhthoiliú soiléir a bheith tugtha agat roimh ré.  I gcás gnóthas, is féidir teachtaireachtaí a sheoladh go dtí go n-iarrtar ar an seoltóir stop a chur leo agus is cion é má sheolann an seoltóir sin aon teachtaireacht ina dhiaidh sin.  Tá eolas níos fairsinge maidir leis seo le fáil ó:
(Treoir ar mhargaíocht dhíreach ríomhphost agus téacs fón póca bhunaithe).

2.7 Cá bhfios dom cén rogha atá taifeadta?
Tá de cheart ag aon suibscríobhaí chóip dá liostáil atá sa BSEN a iarraidh ar a s(h)oláthróir seirbhíse.  Tá de cheart ag an soláthróir seirbhíse táille a ghearradh ar an seirbhís seo.

2.8 Má theipeann ar mo Sholáthróir Líne mo rogha go gcuirfí ar chlár rogha an diúltaithe an BSEN mé, cad is féidir liom a dhéanamh?
Is ceist í seo do Comreg atá díograiseach maidir leis seo agus ba chóir duit dul i dteagmháil le ComReg ar 1890-229-668 nó turas a thabhairt ar a suíomh idirlín ag www.askcomreg.ie

2.9 An bhfaighidh mé glaonna margaíochta fós ó dhaoine a mbíonn gnó ar bun agam leo?
Mura dtugann tú teagasc do na daoine sin nach mian leat margaíocht a fháil uathu, is féidir leo brath ar chomhthoiliú ag eascairt ó aon chomhthoiliú a bheadh tugtha agat mar chuid den muintearas atá ann cheana féin margaíocht a chur chugat ainneoin an rogha atá taifeadta sa BSEN.

2.10 Conas is féidir liom duine éagtha a bhaint de bhunachar margaíochta dírí sonraí?
Ba cheart é seo a dhéanamh sa ghnáthshlí, is é sin scríobh go dtí an rialtóir sonraí is na cúinsí a mhíniú dó.  I bhformhór na gcásanna géillfear do seo mar nach mbeidh aon chás gnó ag an rialtóir sonraí le leanúint ar aghaidh ag seoladh margaíochta dírí i gcásanna dá leithéid.  Toisc nach soláthraíonn na hAchtanna um Chosaint Sonraí ach ceart cur i gcoinne margaíochta dírí ag daoine a mhaireann níl aon fhoráil ar leith ann le cur i gcoinne poist dá leithéid a sheoladh go duine nach maireann.  Ar a shon sin, nuair a mheastar nach bhfuiltear ag géilleadh d’iarratas réasúnta maidir le sonraí duine nach maireann a bhaint as d’fhonn leanúint ar aghaidh ag cur poist go dtí an teaghlach áirithe sin, is féidir cearta a bheith faoi na hAchtanna ag duine a mhaireann sa teach sin faoi chúinsí dá leithéid cur i gcoinne a fhála.

2.11 Cé leis a dhéanfaidh mé gearán?
Is féidir gearán a dhéanamh leis an Oifig seo (a dhéanfaidh ionchúiseamh ar shíorchiontóir) nó chuig an gCoimisiún um Rialúchán Cumarsáide (go bhfuil ar a chumas treoracha in-fhorfheidhmithe a eisiúint in aghaidh comhlachtaí áirithe).

Ba cheart dóibh sin gur mian leo gearán a dhéanamh le ComReg glaoch a chur ar a líne do thomhaltóirí ar 1890-229 668 nó turas a thabhairt ar a suíomh idirlín ag www.askcomreg.ie.


3. Ceart rochtana / ceart ar cheartú
3.1 Conas is féidir liom a fháil amach cén fhaisnéis atá á choimeád ag comhlacht nó ag cuideachta orm?
Faoi alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, tá de cheart agat cóip a fháil d’aon fhaisnéis, léirmhínithe go soiléir, a bhaineann leat atá á choimeád ar ríomhaire nó ar chóras struchtúrtha láimhe comhdúcháin nó atá i gceist a chur ar chóras dá leithéid ag aon aonán nó eagraíocht. Níl agat le déanamh ach scríobh chuig an eagraíocht nó an aonán atá i gceist agus í a iarradh orthu.  Ní gá duit na hAchtanna um Chosaint Sonraí a lua nuair atá sé seo á dhéanamh agat ach ar a shon sin mholaimís duit é a dhéanamh chun a dheimhniú go dtuigfear d'iarratas agus go ndéanfar gníomhú air.
D'fhéadfadh d’iarratas a bheith mar seo a leanas:

A Chara ...
Is mian liom iarratas rochtana a dhéanamh faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 ar chóip d'aon fhaisnéis atá á choimeád agat fúm, ar ríomhaire nó i bhfoirm láimhe. Tá an t-iarratas seo á dhéanamh agam faoi alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

Ba cheart duit aon sonraí breise a fhéadfadh a bheith riachtanach don eagraíocht chun do thaifead a aimsiú a thabhairt chomh maith e.g. uimhir chuntas custaiméara, uimhir fhoirne, nó uimhir PSP (má tá tú ag scríobh go heagraíocht earnála poiblí). Nuair atá cineálacha ar leith de thaifid á iarraidh agat, leithéid stair chreidmheasa nó taifid an Gharda, b'fhéidir go gcabhródh sé dá soláthrófá liosta de sheoltaí roimhe seo, liosta d’ainmneacha roimhe seo agus do dháta breithe.   D’fhéadfaí iarraidh ort táille a íoc ach ní féidir leis a bheith níos mó ná €6.35.
Chomh luath is atá d’iarratas déanta agat, agus aon táille chuí íoctha agat, caithfear an fhaisnéis a thabhairt duit laistigh de 40 lá (tugann formhór na n-eagraíochtaí freagra i bhfad níos luaithe ná sin).

3.2 Conas a tháinig Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar tháille rochtana de €6.35?
Sonraíodh é seo i rialacháin a déanadh tráth achtaithe an Achta in 1988. Nuair a aistríodh go dtí an euro déanadh é a shlánú suas.

3.3 An bhfuil aon eisceachtaí ann maidir leis an gceart rochtana?
Tá. Sonraíonn alt 4 agus 5 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí líon beag cúinsí inar féidir teorainn a bheith le do cheart um thaifid phearsanta a fheiceáil. Tá sé seo riachtanach d’fhonn cothromaíocht a dheimhniú idir cearta an duine indibhidiúil, ar thaobh amháin, agus riachtanais thábhachtacha áirithe ag an sochaí shibhialta, ar an taobh eile. Mar shampla, níl an ceart ag amhrastach coiriúil an fhaisnéis atá á choimeád ag an nGarda Síochána air a fheiceáil, i gcás go gcuirfeadh sé sin bac ar imfhiosrú coiriúil.  Chomh maith céanna, níl cead agat cumarsáid idir dlíodóir agus a c(h)liant a fheiceáil, i gcás na cumarsáide sin a bheith faoi réir ag pribhléid dhlíthiúil i gcúirt.  Tá an ceart rochtana ar shonraí míochaine agus ar shonraí oibrithe sóisialta srianta chomh maith i gcúinsí an-teoranta ar leith, i gcás go gcuirfí isteach ar shláinte agus ar leas meabhrach an duine trí rochtain a fháil ar na sonraí sin. Cuirtear srian chomh maith le do cheart rochtain a fháil ar thorthaí scrúduithe agus ar fhaisnéis a bhaineann le daoine eile. Tá breis eolais maidir leis na pointí uile seo le fáil trí chliceáil ar an nasc thíos.

3.4 Cad a tharlaíonn má dhiúltaíonn eagraíocht freagairt do m’iarratas rochtana?
Mura ngéilleann eagraíocht d’iarratas bailí rochtana atá déanta agat, tá an rogha agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí.  Sula ndéanfaidh tú é sin moltar duit dul i dteagmháil leis an eagraíocht atá i gceist chun na cúinsí a bhunú agus lena a chur in iúl dóibh go bhfuil sé ar intinn agat gearán a dhéanamh leis an Oifig seo. Tá an fhéidearthacht ann go mbeidís i riocht leithscéal a ghabháil leat agus an fhadhb réiteach láithreach bonn.  Ón taithí atá againn tig leis seo oibriú go maith mar a luaithe is a ndéanaimidne  teagmháil le heagraíocht is minic a théann siad i mbun próisis fhoirmeálta agus is amhlaidh a chuireann sin moill ar réiteach do ghearáin.  Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt a thugann siad duit, nó mura dtugann siad freagra ort, ba chóir duit ag an bpointe sin gearán foirmeálta a dhéanamh leis an oifig seo.  Déanfaidh an Coimisinéir imfhiosrú ar an ábhar ar do shon agus déanfaidh deimhin de go ngéillfear do do chearta. Tá cumhachtaí fairsinge ag an gCoimisinéir le himfhiosrú a dhéanamh ar ghearáin a fhaigheann sé agus gníomhóidh sé go cuí in aghaidh aon duine nó eagraíocht nach bhfuil ag géilleadh d’fhorálacha na nAchtanna.

3.5 An féidir le haon duine eile iarratas rochtana a dhéanamh ar mo shon?
Baineann an ceart rochtana faoi Alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí le sonraí pearsanta an duine féin amháin.   Níl aon fhoráil ar leith ann a cheadaíonn do dhuine an ceart sin a úsáid ar son duine eile, fiú más mionaoiseach an duine eile.  I gcás mionaoisigh, is í an eochaircheist ná go soláthrófaí na sonraí pearsanta don leanbh mar is é an leanbh an duine atá ina dteideal faoi na hAchtanna.  Níl athair, máthair ná caomhnóir i dteideal sonraí pearsanta dhuine eile.  Is ar an rialtóir sonraí atá sé deimhin a dhéanamh de go soláthraítear sonraí pearsanta an linbh don leanbh ach nuair is léir go bhfuil an fhaisnéis á lorg ar son an linbh.

3.6 Cad iad na cearta atá agam maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis cuntais atá in ainm mo chéile?
Tig leis seo a bheith ina réimse casta agus braitheann sé ar pholasaí na n-aonán atá i gceist agus ar na roghanna, más ann dóibh, atá léirithe ag an duine/na daoine atá rannpháirteach.  Ar a shon sin, ó dhearcadh cosanta sonraí de, tá lánchead ag aon aonán go bhfuil polasaí acu maidir le hidirbhearta gnó a dhéanamh go heisiach le sealbhóir ainmnithe an chuntais sin an cur chuige sin a ghlacadh.  Go fiú, bheadh sé stuama polasaí dá leithéid a bheith ann mar i bhformhór na gcás nuair a nochtar faisnéis chuntais do chéile nó d’iarchéile beidh sárú na nAchtanna Cosanta Sonraí i gceist má chuathas ina bhun gan comhthoiliú ón gcéile eile nó ón iarchéile.

3.7 Cad is féidir liom a dhéanamh má fhaighim amach go bhfuil sonraí pearsanta atá á gcoimeád orm mícheart?
Má fhaigheann tú amach go bhfuil faisnéis atá á choimeád ag rialtóir sonraí ort míchruinn, tá de cheart agat go gceartófaí an fhaisnéis sin nó, i gcásanna áirithe go scriosfaí an fhaisnéis.  Is féidir an ceart seo a shásamh chomh maith trí ráiteas uait maidir leis na nithe a mheastar a bheith míchruinn a cheangal de.

Ina theannta sin, mura bhfuil cúis mhaith ag an aonán na sonraí pearsanta a choimeád, i.e. mura bhfuil siad ábhartha nó má tá an iomarca ann don chuspóir, nó mura bhfuarthas an fhaisnéis go cóir, is féidir leat an fhaisnéis a cheartú nó a scrios.

Is féidir leat do chearta a chur i bhfeidhm sa réimse seo ach trí scríobh chuig an aonán ag a bhfuil do shonraí á gcoimeád agus do dhearcadh a shonrú agus caithfidh siad, laistigh de 40 lá, géilleadh duit nó a léiríú duit cén fáth nach ndéanfaidh siad é.

3.8 Conas is féidir liom mo rátáil chreidmheasa / stair chreidmheasa a fháil?
Níl a leithéid de rud is rátáil chreidmheasa sa dlínse seo.  Is éard atá taifeadta in áis go nglaoitear Biúró Creidmheasa na hÉireann (BCÉ) air ná do chuid staire maidir le haisíocaíochtaí a dhéanamh ar iasachtaí gan íoc, cibé acu morgáistí nó iasachtaí pearsanta iad.  Féachann ballinstitiúidí airgeadais den BCÉ air seo gach uair a chuireann tú iarratas isteach chucu chun iasacht a fháil.  Coimeádtar stair de gach rochtain dá leithéid chomh maith agus is féidir leat iniúchadh a dhéanamh uirthi.  Ní thaispeántar an stair rochtana seo d’aon duine eile.  Le rochtain ar chóip den stair seo, tig leat glaoch a chur ar an mBiúró ag (01 -2600388) agus do shonraí a fhágáil ar a ngléas gutha agus seolfaidh siad foirm iarratais chugat le comhlíonadh agus le seoladh ar ais chucu.  Chomh luath is a dhéanfaidh tú é sin seolfaidh siad cóip de do stair chreidmheasa chugat.  Iarrfar ort táille caighdeánach de €6 a íoc le rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta.

3.9 Cén fhaisnéis atá á choimeád orm ar an gclár árachais?
Tá an Oifig seo ag obair faoi láthair ar Chód Cleachtais sa réimse seo i gcomhar le hearnáil an árachais agus dá thoradh soláthrófar faisnéis fheabhsaithe i dtéarmaí conas a phróiseáiltear sonraí pearsanta san earnáil ag áireamh an chlár árachais agus bunachair eile sonraí atá á gcoimeád go lárnach ag Cónaidhm Árachais na hÉireann ar son na mballchuideachtaí. 

Liosta de pholasaithe árachas saoil a diúltaíodh nó a bronnadh le coinníollacha speisialta is ea an clár árachais.  De réir na foclaíochta reatha i bhfórálacha polasaithe árachas saoil ceadaítear aon tuarascálacha míochaine etc a sholáthair tú mar chuid d’iarratas a diúltaíodh nó a bronnadh le coinníollacha speisialta a aistriú go cuideachtaí eile má chuireann tú iarratas chucu sin chomh maith.

3.10 Cad iad na cearta atá agam rochtain ar script scrúdaithe a rinne mé?
Soláthraíonn na hAchtanna um Chosaint Sonraí ceart faoi Alt 4(6)(a) do dhuine a bhí ina (h)iarrthóir i scrúdú iarratas a dhéanamh ar thorthaí an scrúdaithe a fháil 60 lá tar éis dáta chéad fhoilsithe torthaí an scrúdaithe.   Níl uathfheidhm ag an gceart seo maidir le scripteanna a cuireadh isteach don scrúdú.  Chaithfí rochtain ar ábhar dá leithéid a mheas ag cur san áireamh an bhféadfaí a mheas gur sonraí pearsanta é.  I gcomhthéacs dá leithéid, is dóichí go mbeadh níos mó faisnéise ann ar an duine a ghlac páirt i dtriail shíciméadrach nó i dtriail éirme i gcomparáid le triail eolais ghinearálta.

3.11 An féidir liom rochtain ar mo thaifid mhíochaine faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí?
Ceart bunúsach is ea an ceart atá agat rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta agus tá feidhm dlí ag an gceart sin is cuma cén cineál comhlachta nó aonáin ag a bhfuil do shonraí pearsanta á gcoimeád.  Dá réir sin tá ceart bunúsach agat rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta atá á gcoimeád ag dochtúir, ospidéal nó comhairleoir atá ag déanamh cóiríochta ort go príobháideach etc.  Mar fhreagra ar iarratas dá leithéid ba cheart go dtabharfaí duit aon fhaisnéis a bhaineann leat nó as a bhféadfaí tú a aithint, atá á choimeád ar chomhad nó ar ríomhaire ag proifisiúnaí nó áis sláinte.  Cuimsíonn sé seo aon nótaí lámhscríofa a choimeádtar a bhaineann leat.

An t-aon eisceacht atá ann maidir leis an riachtanas seo ná nuair atá an proifisiúnaí nó an áis sláinte den tuairim go mb’fhéidir go ndéanfadh nochtadh na faisnéise díobháil do do shláinte fhisiciúil nó mheabhrach agus sa chás sin ba cheart an fhaisnéis a sholáthar do do DG (Dochtúir Ginearálta) a labhróidh leat mar gheall air céim ar chéim.  Athrú ar an gceart rochtana is ea é seo agus níor cheart é a chur i bhfeidhm ach amháin faoi na cúinsí annamha a shamhlaítear.

3.12 Cé na cearta atá agam maidir le faisnéis atá mícheart a cheartú ag áireamh faisnéise ar chomhad míochaine?
Má tá faisnéis phearsanta atá á choimeád ort míchruinn, tá an ceart agat go gceartófaí an fhaisnéis sin nó, i gcásanna áirithe go scriosfaí an fhaisnéis.  Is féidir an ceart seo a shásamh chomh maith trí ráiteas uait maidir leis na nithe a mheastar a bheith míchruinn a cheangal de..

Mura bhfuil cúis mhaith ag an aonán ag a bhfuil na sonraí pearsanta lena gcoimeád, i.e. mura bhfuil siad ábhartha nó má tá an iomarca ann don chuspóir, nó mura bhfuarthas an fhaisnéis go cóir, is féidir leat an fhaisnéis a cheartú nó a scrios.

Is féidir leat do chearta a chur i bhfeidhm sa réimse seo trí scríobh go dtí an aonán ag a bhfuil do shonraí á gcoimeád agus do dhearcadh a shonrú agus caithfidh siad, laistigh de 40 lá, géilleadh duit nó a léiríú cén fáth nach ndéanfaidh siad é.

Ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil gá le cothromaíocht a bhaint amach sa réimse seo idir cearta an damhna sonraí agus leas dlisteanach na rialtóirí sonraí maidir le sonraí a bheith á gcoimeád.  Ar thaobh amháin de, caithfear aon sonraí pearsanta a bailíodh go míchóir agus nach féidir aon tsuim dlisteanach a bhunú maidir lena gcoimeád a scrios nuair a dhéantar iarratas sin a dhéanamh.  Ar an taobh eile de, i gcás sonraí a bailíodh go cóir agus go ndearna an rialtóir sonraí fíoriarracht ar iad a thaifeadadh chomh cruinn agus ab fhéidir é is féidir nach ann d’aon cheart an fhaisnéis a leasú fiú má mheasann an damhna sonraí go bhfuil na sonraí míchruinn.  I gcásanna dá leithéid, dob fhéidir ceangal nóta de dhearacadh an damhna sonraí, i leith na faisnéise atá i gceist, a mheas mar shásamh ar oibligeáidí an rialtóra sonraí faoi na hAchtanna.

3.13 An féidir liom rochtain a fháil ar shonraí pearsanta maidir le gaol atá éagtha?
Baineann an ceart rochtana faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta daoine a mhaireann amháin.  Níl aon cheart ann maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta daoine nach maireann.  Tig le rialtóir sonraí más mian leis/léi, ar chúiseanna dea-thola, sonraí a bhaineann le duine nach maireann a sholáthar do ghaol an duine nach maireann nuair a fhaigheann sé/sí iarratas sin a dhéanamh, ach is faoin rialtóir sonraí atá an rogha.

Chomh maith leis sin má tá an fhaisnéis atá á lorg á choimeád ag comhlacht poiblí atá clúdaithe ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, is féidir go mbeadh sonraí pearsanta an duine nach maireann inrochtain trí na hAchtanna sin.

3.14 Conas is féidir liom sonraí pearsanta maidir le duine atá éagtha a leasú? 
Ní bhaineann an ceart leasú a dhéanamh ar shonraí pearsanta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí ach le sonraí pearsanta daoine a mhaireann amháin.  Níl aon cheart ann maidir le leasú a dhéanamh ar shonraí pearsanta daoine nach maireann.  Tig le rialtóir sonraí más mian leis/léi, ar chúiseanna dea-thola, sonraí a bhaineann le duine nach maireann a leasú nuair a fhaigheann sé/sí iarratas chun sin a dhéanamh, ach is faoin rialtóir sonraí atá an rogha.

3.15 Cad iad na ceisteanna cosanta sonraí a ghabhann le rochtain a fháil ar oiris ag áireamh rollaí / dialann imeachtaí scoile?
Réimse casta is ea é seo.  Go bunúsach is gá rochtain ar oireas ónar féidir duine a mhaireann a aithint a dhéanamh i gcomhthéacs na nAchtanna Cosanta Sonraí.  Ciallaíonn sé seo go gcaithfear an damhna sonraí a chur ar an eolas tráth a mbailaithe  nuair is dócha go n-úsáidfear na sonraí do chúram ar leith, taighde staire san áireamh,  agus go mbeadh an deis ag an damhna sonraí cur ina choinne.


4. Cosaint sonraí sa láthair oibre
4.1 An féidir le m’fhostóir rochtain a fháil ar mo ríomhphost nó ar m’úsáid idirlín? / An féidir liom rochtain a fháil ar úsáid ríomhphoist nó ar úsáid idirlín m’fhostaithe?
Tá treoir níos fairsinge maidir leis seo le fáil ag (http://www.dataprotection.ie/viewdoc.asp?DocID=208).   Is í comhairle na hOifige seo ná go bhfuil ceart dlisteanach ag gach fostaí a bheith ag súil le méid áirithe príobháideachta i gcomhthéacs oibre.  Is é an phríomhphointe atá anseo ná go gcaithfidh an fostóir polasaí soiléir a chur ar fáil do gach fostaí maidir leis an gcead trealamh na bhfostaithe a úsáid d‘úsáid phearsanta mar ríomhphost nó dul ar an idirlíon.  Mura gceadaíonn fostóir aon úsáid dá leithéid níor cheart don bhfostaí na córais sin a úsáid dó/di féin.  Ceadóidh polasaí dá leithéid rochtain níos éasca ag fostóir ar thaifid ríomhphoist agus idirlín ag fostaí mar níor cheart don bhfostaí a bheith á n-úsáid do chúraimí pearsanta.  Ar a shon sin, fiú amháin i gcúinsí dá leithéid ní mheastar monatóireacht leanúnach a bheith comhréireach agus níor chóir an rochtain a dhéanamh ach má tá amhras réasúnta ann.

Má cheadaíonn polasaí úsáide an fhostóra trealamh a úsáid do chúraimí pearsanta is dócha go gcruthódh monatóireacht leanúnach na húsáide sin ceisteanna um chosaint sonraí de bhrí go bhfuil an fostaí i dteideal príobháideachta maidir leis an úsáid theoranta pearsanta sin.  Ba cheart aon rochtain ar leith ar úsáid ríomhphoist nó idirlín a bheith ina fhreagairt ar shainamhras réasúnta go bhfuil úsáid mhíchuí á bhaint as na háiseanna atá á soláthar.

4.2 Cén cineál fiosruithe cúlra is féidir liom a dhéanamh ar fhostaithe ionchaise?
Is é an pointe is tábhachtaí maidir le géilleadh do riachtanais um chosaint sonraí sa réimse seo ná an fostaí a chur ar an eolas maidir le haon fhiosruithe ionchaise cúlra a fhéadfaí a dhéanamh agus a s(h)ain-chomhthoiliú a iarradh do chineálacha ar leith fiosruithe cúlra, e.g., scaoileadh tras scríbhinní ag Ollscoil.  Is féidir rochtain a dhéanamh chomh maith ar aon fhaisnéis atá san fhearann phoiblí, go dlisteanach i gcomhthéacs riachtanais cosanta sonraí gan cúiseanna imní a bheith cinn.  Tá cead ag earnálacha ar leith, go mbíonn teagmháil ag fostaithe le leanaí nó daoine leochaileacha fásta, úsáid a bhaint as seiceálacha Grinnfhiosrúcháin na nGardaí a dhéantar le comhthoiliú an duine.

4.3 Conas is féidir liom grinnfhiosrúchán na nGardaí a iarraidh maidir le fostaí ionchais?
Tá córas i bhfeidhm, go bhfuiltear ag súil leis a bheith ina reachtaíocht gan mhoill, d'earnálacha ar leith, mar an tseirbhís sláinte, chun go ndéanfadh na Gardaí grinnfhiosrúchán ar dhuine sula bhfostaítear é/í.  Déantar é seo le comhthoiliú an duine atá i gceist.  Tá rochtain ar an gcóras grinnfhiosrúcháin seo ceadaithe tar éis oiliúna cuí.

Feidhmíonn an córas grinnfhiosrúcháin go neamhspleách ar na cearta atá ag duine iarratas rochtana damhna a dhéanamh ar na Gardaí ar fhaisnéis phearsanta atá á coimeád orthu.  Ar a shon sin tá sé tábhachtach a shoiléiriú nár cheart iarratas rochtana damhna a fhorléiriú mar Ghrinnfhiosrúchán Garda, mar Theistiméireacht faoi Charachtar nó mar Imréiteach Slándála nó aon léirmhíniú ar an gcéanna.  Ní próiseas críochnúil é agus ní dhéanann sé ach soláthar ar shonraí pearsanta atá á gcoimeád ag damhna sonraí ag an seoladh atá tugtha.  Níor cheart d’fhostóirí atá ag iarraidh cúlra fostaithe ionchaiseacha a fháil amach, do chúram ar bith, éileamh a dhéanamh ar na daoine sin iarratais rochtana a chur isteach go dtí na Gardaí.  Sárú ar chearta an duine faoi chosaint sonraí is ea an cleachtas seo agus meastar é a bheith ina chion de bhun Alt 4(13) na nAchtanna nach bhfuil tagtha i bhfeidhm faoi láthair.

4.4 Cén seasamh atá ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí maidir le hiarratais forghníomhaithe rochtana damhna (i.e. nuair a chuireann fostóir iallach ar a fhostaí ionchais iarratas rochtana a dhéanamh ar An nGarda Síochána chun gur féidir leis an bhfostóir rochtain a fháil ar thaifid ar aon chiontuithe coiriúla)?
Tá foráil in alt 4(13) de na hAchtanna um Chosaint Sonraí a cuireadh isteach trí acht 2003 a dhearbhaíonn gur cion é d'fhostóir éileamh a dhéanamh ar fhostaí ionchais nó ar fhostaí reatha a shonraí pearsanta a sholáthar agus iarratas á dhéanamh ar phost  nó le post a choimeád.  Faraor níl an fhóráil seo i bhfeidhm agus faoi láthair níl aon ní sa reachtaíocht um Chosaint Sonraí le cosc a chur ar a leithéid a dhéanamh.

4.5 An féidir liom ceisteanna a chur ar m’fhostaithe do chúraimí staitistiúla?
Má tá iarratas bailí faighte agat ón bPríomhoifig Staidrimh ag lorg faisnéise, tá sé cuí faisnéis a iarradh ar d’fhostaithe don chúram sin.  Feidhmíonn an Phríomhoifig Staidrimh faoi dhualgas rúndachta maidir le haon fhaisnéis a fhaigheann sí.  Is cóir aon fhaisnéis a iarrtar ar fhostaithe le freagairt don Phríomhoifig Staidrimh a fháil i gcaoi a ghéilleann do chearta an duine agus níor cheart í a úsáid d'aon chúram eile seachas í a sholáthar don Phríomhoifig Staidrimh.

4.6 Cad iad na riachtanais a chaithfear a shásamh más mian liom glaonna teileafóin a thaifeadadh chun críche oiliúna?
Éilíonn na hAchtanna um Chosaint Sonraí próiseáil chóir maidir le próiseáil uile sonraí pearsanta.  Ní mór taifeadhadh ar chomhráite teileafóin le custaiméirí a chur in iúl don chustaiméir, cibé acu glaonna isteach nó glaonna amach iad.  Chomh maith céanna ní mór an sainchúram atá leis na taifeadtaí a shoiléiriú.   Mar shampla, nuair a thugtar le tuiscint go bhfuil glaonna á dtaifeadadh do chúraimí oiliúna ciallaíonn sé seo nach féidir na glaonna sin a úsáid ach don chúram sin amháin agus ní féidir iad a úsáid d'aon chúram eile mar dhíospóid a réiteach.

Tá cearta ag fostaithe chomh maith maidir lena chur in iúl dóibh go ndéanfar taifeadadh ar ghlaonna teileafóin mar is ionann chomh maith na taifeadtaí is a sonraí pearsanta.

Ní gá a chur in iúl do chustaiméirí má táthar ag éisteacht nó ag déanamh monatóireachta ar ghlaonna teileafóin do chúraimí oiliúna mura bhfuil na glaonna sin á dtaifeadadh.

5. Bithmhéadracht
5.1  An féidir liom bithmhéadracht a thabhairt isteach i mo láthair oibre? An féidir liom bithmhéadracht a thabhairt isteach i mo scoil / choláiste?
Ta treoir fairsing ar fáil ónár suíomh idirlín maidir leis na céimeanna nach mór a chur san áireamh sula dtabharfaí isteach córas bithmhéadrachta tinrimh sa láthair oibre nó i scoileanna/i gcoláistí.  Is é an cur chuige a mholtar d'fhostaithe/do scoileanna agus do choláistí ná an gá ar leith atá acu do chóras dá leithéid a mheas agus ansin measúnú a dhéanamh ar thionchar príobháideachta na gcóras éagsúla.  Ní mór próiseáil na faisnéise bithmhéadrachta a chur go hiomlán san áireamh i gcomhthéacs na gcóras sin sula dtugtar isteach é.  Ach amháin i gcúinsí neamhghnácha ba chóir go mbeadh cead ag aon fhostaí nó mac léinn a chuireann i gcoinne córas dá leithéid a úsáid a bheith ábalta córas malartach nach bhfuil próiseáil faisnéise bithmhéadrachta i gceist leis a úsáid.  Úsáid córais ag fostóir a fhéadfadh a bheith ina chúis imní do chosaint sonraí, seachas táirgeadh nó díol córais. Caithfear breithiúnas a thabhairt ar gach ócáid ar bhonn cás ar chás.

6. Úsáid TFCI
6.1 Cad iad na ceisteanna a bhaineann le TFCI a bheith á úsáid?
Caithfear géilleadh do riachtanais na nAchtanna um Chosaint Sonraí nuair atá TFCI á úsáid lasmuigh de chomhtheacs an bhaile.  Tá treoir fhairsing ar an gceist seo ar fáil ag (nasc le treoir TFCI) agus go háirithe maidir le húsáid TFCI i réimsí níos íogaire mar leithris tá treoir bhreise ar fáil ag (nasc le treoir maidir le TFCI i leithris).  Go hachomair,  caithfear gach úsáid TFCI a bheith i gcomhréir agus do shainchúram.  Toisc go sáraíonn TFCI príobháideacht na ndaoine go dtógtar íomhánna dóibh ní mór cúis mhaith a bheith ann le córas dá leithéid a chur isteach.  Má táthar ag cur córas dá leithéid isteach, ní mór an cúram atá lena leithéid de chóras a bheith ann a thaispeáint in áit fheiceálach.  I gcás siopa nó stórais is ar an slí isteach a bheadh seo de ghnáth.

Ba cheart na híomhánna a thógtar a choimeád ar feadh uasmhéid ama de 28 lá, ach amháin nuair a aithníonn an íomhá ceist agus go gcoimeádtar é d'aon toisc i gcomhthéacs imscrúdaithe na ceiste sin.

Ba cheart na téipeanna a stóráil i dtimpeallacht shábháilte agus ba chóir cuntas rochtana ar na téipeanna a choimeád. Níor cheart rochtain a bheith ach ag pearsanra údaraithe amháin. Ba cheart beartais dá leithéid a úsáid chomh maith nuair atá stóras ar diosca á úsáid, agus uathlogáil rochtana a dhéanamh ar na híomhánna a chruthaítear.

6.2 Cad a tharlaíonn má iarrann údarás forfheidhmiúcháin dlí orm rochtain a thabhairt dóibh ar na taifeadtaí?
Má tá údarás forfheidhmiúcháin dlí mar An Garda Síochána, ag lorg taifeadadh d’imfhiosrú ar leith, is ar an rialtóir sonraí atá sé a dheimhniú do/di féin go bhfuil fíor-imfhiosrú ar bun. Ar chúiseanna praiticiúla, i gcásanna práinne b'fhéidir gur leor glaoch teileafóin ar an stáisiún Gardaí a rinne an t-iarratas, chomh fada is go labhraíonn tú le ball san Oifig Dúiche, sáirsint an stáisiúin nó oifigeach le céim níos airde, mar is féidir glacadh leis go bhfuil siad uile ag gníomhú le húdarás an oifigigh Dúiche/Roinne i ndeimhniú go bhfuil imfhiosrú údaraithe.  Faoi gach aon chúinse, moltar gurbh é an tslí is fearr le nochtadh taifeadtaí dá leithéid a láimhseáil ná mar fhreagairt ar iarratas foirmeálta i scríbhinn os na Gardaí ag léiriú go bhfuil an t-ábhar á lorg le coir a chosc, a imfhiosrú nó a bhrath.

6.3 Cad a tharlaíonn má iarrtar orm cóip d’íomhá duine gur déanadh taifeadadh air?
Tá ceart ag aon duine gur déanadh taifeadadh ar a (h-)íomhá cóip den bhfaisnéis sin a taifeadadh a fháil.  Chun an ceart sin a chur i bhfeidhm, caithfidh an duine iarratas a dhéanamh i scríbhinn. Tig le rialtóir sonraí táille suas le €6.35 a chur ar fhreagairt ar iarratas dá leithéid agus caithfear freagairt laistigh de 40 lá.  Ní bheidh feidhm leis seo, áfach, ach má coimeádadh an taifeadadh agus má tá sé ar fáil ag an am a dhéantar an t-iarratas.

7. Dualgais rialtóirí sonraí
7.1 An bhfuil mo ghnó clúdaithe ag Achtanna na hÉireann um Chosaint Sonraí?
Má tá do ghnó cónaitheach, corpraithe nó má tá láithreacht aige sa Stáit ag áireamh trí úsáid trealaimh amháin caithfear géilleadh do riachtanais na nAchtanna um Chosaint Sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bailíodh nó a próiseáladh.

7.2 Cén fhaid is ceart sonraí pearsanta a choimeád chun na dualgais a fhorchuireann na hAchtanna a shásamh?
Tá treoir níos fairsinge maidir leis seo le fáil ag (http://www.cosantasonrai.ie/viewdoc.asp?DocID=996&ad=1#7).  Go hachomair,  éilíonn na hAchtanna gan sonraí pearsanta a choimeád níos sia ná mar a éilíonn an chúram ar ar bailíodh iad.  Má thagann deireadh leis an gcúram sin, ba cheart na sonraí a scrios nó a dhí-ainmniú chun aon tréithe inaitheanta a bhaint astu má tá sé ar intinn an fhaisnéis a úsáid do chúram eile dála taighde etc.

7.3 Cá fhad is féidir meastachán árachais a choimeád?
Ceist í seo a chlúdófar chomh maith sa Chód Cleachtais don earnáil árachais.  I gcás polasaí nár tosaíodh agus go bhfuair an custaiméir deis gan margaíocht dhíreach a fháil i rith an phróiseas meastacháin, is féidir an fhaisnéis a soláthraíodh a úsáid le margaíocht dhíreach a dhéanamh leis an gcustaiméir an bhliain dár gcionn.  Beidh rogha glactha soiléir riachtanach má tá sé ar intinn margaíocht dhíreach a dhéanamh leis an gcustaiméir trí theileafón nó trí mheán leictreonach ag áireamh ríomhphoist nó teachtaireachta téacsa.

I gcás meastachán polasaí nár tosaíodh, ní féidir an meastachán a choimeád ach ar feadh 15 mí le seiceáil a dhéanamh maidir le hiarratais chalaoiseacha.

7.4 Cad iad na cúinsí inar féidir liom uimhir PSP a iarraidh?
Is ceist í seo don Roinn Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh ar an gcéad dul síos. Cion is ea é d’aon duine nó d’aon chomhlacht iarratas a dhéanamh nó taifead a dhéanamh ar uimhir PSP duine mura bhfuil cead faighte acu tríd an dlí (na hAchtanna um Leas Sóisialta) sin a dhéanamh. Tá sé de dhualgas ar gach comhlacht deimhin a dhéanamh de go bhfuil cead faoin dlí acu sin a dhéanamh sula ndéanann siad iarratas ar thaifead nó sula gcoimeádann siad taifead d'uimhir PSP duine ar bith.

7.5 Conas a dhéanaim polasaí príobháideachta?
Sonraíonn Polasaí Príobháideachta an tslí a chuireann eagraíocht na hocht bprionsabal cosanta sonraí i bhfeidhm maidir leis an gcaoi a phróiseáiltear sonraí ar fud na heagraíochta. Baineann an polasaí le gach sonra pearsanta a phróiseálann an eagraíocht, ag áireamh sonraí custaiméara, sonraí tríú páirtí agus sonraí na bhfostaithe. Tig le Polasaí Príobháideachta a bheith ina cháipéis chasta faoi chúinsí áirithe, leis na prionsabail um chosaint sonraí a chur i bhfeidhm ar a thaithí féin.  Tá treoir níos fairsinge maidir leis seo le fáil ag http://www.dataprotection.ie/viewdoc.asp?m=m&fn=/documents/guidance/PrivStatements.htm

7.6 Cad iad na bearta slándála ar cóir dom a bheith i bhfeidhm agam chun sonraí pearsanta a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe?
Éilíonn na hAchtanna go gcuirfí bearta slándála i bhfeidhm a thógfadh ceann den díobháil a fhéadfadh teacht ó rochtain neamhúdaraithe ar fhaisnéis.  Ba cheart do seo ceann a thógáil den teicneolaíocht atá ar fáil agus de chostas suiteála.  Chomh maith le bearta teicniúla slándála, ba cheart aird a thabhairt ar bhearta fisiciúla slándála mar rialú rochtana d’fhreastlaithe lárnacha TF agus Ríomhairí Pearsanta áitiúla.  Tá treoir níos fairsinge maidir leis seo le fáil ag http://www.dataprotection.ie/viewdoc.asp?DocID=29

7.7 Cad a dhéanfaidh mé má tharlaíonn sárú slándála?
Tá sé de dhualgas ar rialtóir sonraí beartais chuí slándála a bheith i bhfeidhm d’fhonn rochtain neamhúdaraithe inmheánach agus seachtrach ar na sonraí pearsanta atá faoina c(h)úram a chosc.  Tá Cód Cleachtais agus Treoirlínte eisithe ag an gCoimisinéir Cosant Sonrai maidir le cad atá le déanamh má tá sonraí pearsanta curtha i mbaol do nochtadh, callteanas, msd. Moltar do rialtóirí sonraí na hábhair sonraí lena mbaineann a chur ar an eolas i bhformhór na cásanna den tsórt sin agus Oifig an Coimisinéire Cosanta Sonraí a chur ar an eolas frisin. 

7.8 An féidir liom taighde margaíochta a dhéanamh le mo chustaiméirí féin? 
Ní chuireann na hAchtanna um Chosaint Sonraí cosc ar theagmháil le custaiméirí do chúraimí taighde a luaithe is a ghéilltear do riachtanais eile na nAchtanna.  Ag tráth bailithe na sonraí custaiméara, bheadh sé inmholta na custaiméirí a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí teagmháil um thaighde margaíochta leo sa todhchaí.  Ba cheart deis a thabhairt dóibh cur ina choinne seo.  Rud atá tábhachtach sa réimse seo ná nach féidir sonraí pearsanta a choimeád níos sia ná mar atá an chúram ar a bailíodh iad fós bailí.  Ní shínfeadh seo go sonraí a bheith á gcoimeád do chúraimí taighde margaíochta amháin.  Dá bhrí sin, níor mhór taighde margaíochta a dhéanamh nuair atá bunchúram ann fós leis na sonraí pearsanta a choimeád.  I gcúinsí dá leithéid, níor cheart taighde margaíochta a dhéanamh ach amháin ar shonraí pearsanta ina raibh teagmháil leis an gcustaiméir le dhá mhí dhéag anuas.

Tá sé ceadaithe chomh maith cuideachta tríú páirtí a chur ar conradh chun an taighde margaíochta a dhéanamh do do chuideachta.  Ba cheart ordú a bheith i gconradh dá leithéid nach féidir na sonraí pearsanta a sholáthrítear a úsáid ach amháin don chúram ar soláthraíodh iad, iad a choimeád go slán agus iad a a scrios nó a thabhairt ar ais nuair a thagann an conradh chun críche.   Ina theannta sin, ba cheart é a bheith soiléir d’fhaighteoirí na suirbhéireachta go bhfuil sé á dhéanamh thar ceann do chuideachta.

Ar deireadh,  níor cheart suirbhéireacht margaíochta a úsáid ina leithscéal chun dul i mbun gníomhaíocht margaíochta dírí le daoine a ndéantar teagmháil leo ach amháin má tá comhthoiliú ar leith i bhfeidhm chun teagmháil a dhéanamh leis na daoine sin don chúram sin. 

 7.9 Is mian liom sonraí pearsanta a aistriú amach as Éirinn, cad is gá don a dhéanamh? 

Soláthraíonn na hAchtanna um Chosaint Sonraí, atá tar éis Treoir Cosanta Sonraí an AE a thrasuí i bpáirt, comhbhonn ar ar féidir sonraí pearsanta a aistriú ó Éirinn go dtí aon tír eile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (ballstáit an AE móide An Eilvéis, An Iorua, An Íoslainn agus Lichtinstéin) de réir na comhchaighdeáin cosanta sonraí atá leaghta síos sa Treoir.

Nuair is mian sonraí pearsanta a aistriú go tír atá lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch caithfear géilleadh do cheann de na coinníollacha breise seo:

 

  • Nuair a dhéantar an t-aistriú go ceann des na tíortha/críocha seo leanas: An Airgintín, Ceanada, An Eilvéis, Guarnsaí, Guersí, Oileán Mhanann agus na hOileáin Faró
  • Déantar an t-aistriú go comhlacht snaStáit Aontaithe Mheiriceá atá clúdaithe faoin conradh Safe Harbor AE-SAM
  • Is aistriú de sonraí paisinéirí aerlíne roimh-ré (PNR) atá i gceist i gcomhréir leis na socruithe atá faofa ag an AE le haghaidh aistriú den tsórt sin do na húdaráis teorann i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus an Astráil
  • Déantar an t-aistriú laistigh de ghrúpa cuideachtaí atá tar éis Rialacháin Ceangailteacha Corparáideacha a fhaomhadh
    Déantar an t-aistriú ag baint leasa as ceann de na trí cinn de Modhchonarthaí atá aontaithe ag an AE 
    Tá comhthoiliú glan soiléir tugtha ag an damhna sonraí an t-aistriú a dhéanamh
  • Is aistriú é atá: údáirithede réir dlí nó ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí; óchlár poiblí; riachtanachar mhaithe le leas an phobail substaintiúl; riachtanachi ndáil le himeachtaí conarthacha agus dlíthiúla áirithe; riachtanachchunleasanna ríthábhachtacha an duine aonair a chosaint.

Tá tuilleadh eolais anseo

7.10 An bhfuil aon ábhar ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ina bhfuil comhairle maidir le cad is cheart a bheith i gconradh idir Rialtóir Sonraí agus Próiseálaí Sonraí?
Ní sholáthraíonn an Oifig saintreoir maidir le teimpléad nó le hábhar chonartha dá leithéid mar tá cur chuige cás ar chás riachtanach do gach conradh dá leithéid ag brath ar na cúinsí ar leith a eascraíonn uaidh.  Mar threoir ghinearálta, cuireann na hAchtanna um Chosaint Sonraí dualgais um chúram sonraí pearsanta ar an Rialtóir Sonraí agus dá bhrí sin nuair a bhíonn conradh á dhéanamh ba cheart don Rialtóir Sonraí a bheith an-mionchruinn maidir leis na treoracha a thugtar ar cad is féidir leis an bPróiseálaí Sonraí a dhéanamh leis na sonraí pearsanta a soláthraítear.  Ba cheart treoir a chuimsiú anseo maidir le cad chuige is féidir nó cad chuige nach féidir na sonraí pearsanta a úsáid, na bearta slándála atá i bhfeidhm chun na sonraí a chosaint ar rochtain nó nochtadh neamhúdaraithe, na sonraí a scrios nó a fháil ar ais nuair atá deireadh tagtha leis an gconradh agus an pionós atá i bhfeidhm má sháraítear an conradh.  Bheifí ag súil chomh maith go mbeadh ceart ag an Rialtóir Sonraí nó ag a g(h)níomhairí imscrúdú a dhéanamh ar áitreabh an Phróiseálaí Sonraí chun deimhin a dhéanamh de go bhfuiltear ag géilleadh d'fhorálacha an chonartha.

7.11 Cad iad na cúinsí faoinar féidir liom sonraí pearsanta a nochtadh gan comhthoiliú an damhna sonraí?
Ní chloítear leis na srianta a ghabhann le sonraí pearsanta a nochtadh in Alt 8 na nAchtanna faoi na cúinsí seo a leanas:

• nuair atá siad riachtanach chun slándáil an Stáit a chosaint,
• nuair atá siad riachtanach chun cionta a chosc, a bhrath nó a imfhiosrú, chun ciontóirí a ghabháil nó a ionchúiseamh nó chun cánacha, dleachtanna nó airgid eile atá iníoctha don Stáit, d’údaráis áitiúla nó do bhoird sláinte a mheasúnú nó a bhailiú, nó in aon chás gur dóichí go gcuirfeadh feidhmiú na srianta sin isteach ar aon cheann de na nithe thuasluaite,
• nuair atá siad riachtanach chun comhchaidrimh idirnáisiúnta an Stáit a chosaint,
• nuair atá gá práinneach leo chun díobháil nó aon damáiste eile do dhuine a chosc nó chun aon chaillteanas tromchúiseach nó damáiste d’áitreabh a chosc
• nuair atá siad riachtanach trí nó faoi aon achtú nó trí riail dlí nó ordú cúirte,
• nuair atá siad riachtanach chun comhairle dlí a fháil nó do chúraimí, nó i gcaitheamh, imeachtaí dlí ina bhfuil an duine go bhfuil an nochtadh á dhéanamh aige/aici ina p(h)áirtí nó ina f(h)inné.

7.12 Conas atá an scéal maidir le sonraí pearsanta atá san fhearann poiblí cheana féin?
Tá foráil in Alt 1 (4) (b) na nAchtanna um Chosaint Sonraí a shonraíonn nach mbaineann na hAchtanna le sonraí pearsanta atá comhdhéanta d’fhaisnéis a éilíonn an dlí ar an duine atá á gcoimeád iad a nochtadh don phobal. Is ann don eochairphointe go mbaineann an díolúine os na riachtanais um chosaint sonraí leis an fhaisnéis atá ag na comhlachtaí poiblí sin ar a bhfuil sé de dhualgas an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Caithfidh aon aonán eile atá ag iarraidh faisnéis dá leithéid a úsáid, a luaithe is atá an fhaisnéis sin san fhearann poiblí, géilleadh do na riachtanais caighdeánacha um chosaint sonraí.

7.13 Cén seasamh atá ann maidir le hionadaí díolacháin le liosta cliant, an féidir léi nó leis é a thabhairt léi/leis nuair a fhágann sí/sé?
Ní féidir, níl cead an liosta a thabhairt ó chuideachta amháin go cuideachta eile mar thug na daoine sin a gcuid sonraí teagmhála uathu ar an mbonn go raibh na sonraí á soláthar don chuideachta ar leith sin.

7.14 Tá Cuideachta á tháthcheangal ag cuideachta eile.  An gcaithfidh an eagraíocht nua comhthoiliú a fháil sula n-aistrítear comhaid míochaine?
Mar chuid den bpróiseas dícheall cuí, glactar leis gur féidir sonraí ar leith pearsanta a aistriú.  Go hidéalach ba cheart an fhéidearthacht sin a shamhlú i bpolasaí um chosaint sonraí na cuideachta.  Chomh fada agus is féidir é ba cheart sonraí comhiomlán a sholáthar.  Níor cheart sonraí íogaire pearsanta a aistriú go brách roimh tháthcheangal foirmeálta dlí.  Chomh luath is atá an táthcheangal déanta is ar an eintiteas nua dlíthiúil a bheidh dualgais an rialtóra sonraí agus beidh siad freagrach as na sonraí uile.

8. Clárúchán
8.1 Clárúchán leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí
Caithfidh gach rialtóir sonraí géilleadh do na freagrachtaí um chosaint sonraí atá leagtha síos sna hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Ina theannta sin caithfidh catagóirí ar leith de rialtóirí sonraí clárú leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí. Le heolas mionchruinn a fháil mar gheall ar chlárúchán, lean an nasc anseo thíos le do thoil:
 Clárú leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí

9. Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?
9.1 Gearán a dhéanamh maidir le cionta faoi IR 535, 2003.
Is féidir gearán a dhéanamh i scríbhinn (ag áireamh trí ríomhphost) leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí. Ba cheart don ghearán na nithe seo a leanas a chuimsiú (má tá fáil orthu):

• D’ainm agus do sheoladh
• Uimhir d’fhóin phóca
• Do sholáthróir seirbhíse fón póca (O2, Vodafone, Meteor)
• Cóip de na teachtaireachtaí téacsa a fuair tú más féidir é, díreach mar atá siad i d’fhón póca
• An dáta ar a bhfuair tú an teachtaireacht
• Mionsonraí (má tá siad ábhartha) den chód gearr digiteach atá sonraithe sa teachtaireacht
Mionsonraí den uimhir óna bhfuair tú an teachtaireacht

9.2 Gearán a chur isteach.
Is féidir gearán i scríbhinn a chur tríd an bpost go:
Oifig An Choimisinéara Cosanta Sonraí
Teach na Canálach,
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire
Co. Laoise

nó a sheoladh trí ríomhphost go: mailto:eolas@cosantasonrai.ie.
Má tá aon sonraí íogaire cuimsithe sa ghearán, meabhraítear duit nach meán slán an ríomhphost agus go mb’fhéidir gur fearr an gearán a chur tríd an bpost.
Más mian leat aon cheist maidir le cumarsáid tráchtála gan iarraidh a phlé, tig leat glaoch teileafóin a chur ar oifig an Choimisinéara ag uimhir 1890 252 231.

9.3 Toradh gearáin
Ní gá go ndéanfaí ionchúiseamh maidir le gach gearán a dhéantar. Ar a shon sin, nuair a dhéantar duine a ionchúiseamh, d’fhéadfaí fíneáil suas le €3,000 in aghaidh na teachtaireachta a ghearradh ar an aonán sin.
Nuair nach mbaineann imfhiosrú an ghearáin leorfhoras nó leorfhianaise amach chun tús a chur le hionchúiseamh, is féidir an t ábhar a chur faoi bhráid an Choimisiún um Rialúchán Cumarsáide (ComReg) ag a bhfuil cumhachtaí forfheidhmiúcháin maidir leis na Rialacháin sin chomh maith.






» Permanent Link

Office of the Data Protection Commissioner. Canal House, Station Road, Portarlington, Co. Laois, Ireland.
LoCall 1890 25 22 31 - Phone 00353 57 868 4800 - Fax 00353 57 868 4757 - email info@dataprotection.ie