Data Protection Commission
 
Protecting your personal privacy in the information age
Know Your Rights

Traenáil agus Feasacht Phoiblí

Chun Eagraíochtaí

Cuid den obair a déanaimid ná a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas conas a  fheidhmeann   an dlí um cosanta sonraí le do gníomhaíochtaí lá-go-lá. Deireann alt 2C de na hAchtanna um Chosaint Sonraí  go gcaithfidh tú a chinntiú go gcomhlíonann na fostaithe le bearta slándála go gcaithfidh tú a chur i bhfeidhm chun cosaint sonraí pearsanta.

Táimid tar éis  réimse ábhar  a ullmhú go bhfuil súil againn go gcuideoidh siad  leat cláir oiliúna saincheaptha dod  fhoireann a fhorbairt.

Léiríonn ár DVD "My Data - Your Business? " conas na prionsabail um chosaint sonraí a chur i bhfeidhm  i dtimpeallacht gnáth-gnó (poiblí nó príobháideach). Tá sé ag gabháil le " Treoir Éascaitheoirí " a spreagann plé-grúpa ar conas na prionsabail um chosaint sonraí a chur i gcleachtas  i suíomh ar leith.  Is féidir an DVD agus an Treoir a bhreathnú agus a íoslódáil anseo.  Beidh áthas orainn  freisin  cóip a sheoladh chugat ach teagmháil a dhéanamh linn. Is féidir an DVD a fheiceáil freisin ar ár gcainéal YouTube www.youtube.com / dataprotection.

Tá sraith de cur i láthair PowerPoint ullmhaithe againn freisin  maidir le gnéithe éagsúla a bhaineann le cosaint sonraí atá ar fáil anseo. Is féidir leat 'meascán-agus-comhoiriúnú' a dhéanamh  ó na léiriúcháin éagsúla chun teacht suas le cur i láthair a oireann  le  riachtanais do lucht éisteachta / féachana ar leith.

Déanann ár Treoir do Rialaitheoirí Sonraí achoimre  ar conas ba cheart d'eagraíochtaí déileáil le sonraí pearsanta a fhoirne agus a chustaiméirí. Is féidir leat ceachtar an treoir a íoslódáil nó teagmháil a dhéanamh linn cun cóipeanna clóite a fháil. 

Táimid tar éis a tháirgint freisin acmhainn speisialta do scoileanna, lena n-áirítear chairt coimriú ar  freagrachtaí  Rialaitheoirí Sonraí agus cearta Abhair Sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003. Is féidir leat ceachtar an chairt a  íoslódáil  nó teagmháil a dhéanamh linn le haghaidh cóipeanna clóite.

Chun faisnéis níos mionsonraithe, féach  le do thoil an fo-roinn  Do chuid Freagrachtaí ar ár láithreán gréasáin.

Do dhaoine aonair agus Grúpaí

Cuid den obair a déanaimid ná a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas maidir le do chearta cosanta sonraí agus cad  is féidir leat a dhéanamh más rud é nach bhfuil siad á chómhlíonú. Is achoimre é ár Treoir ar Do Chearta. Is féidir leat leagan clóite den leabhrán seo a fháil trí theagmháil a dhéanamh linn.

Tá cur i láthair PowerPoint le hachoimre ar do chearta um chosaint sonraí  ar fáil anseo. Tá cur i láthair eile maidir le gnéithe éagsúla de chosaint sonraí ar fáil freisin. Is féidir leat 'meascán-agus-comhoiriúnú' a dhéanamh  ó na léiriúcháin éagsúla chun teacht suas le cur i láthair a oireann le riachtanais do lucht éisteachta / féachana ar leith.
 
Chun faisnéis níos mionsonraithe, féach  le do thoil an fo-roinn "Do dhaoine Aonair" ar ár láithreán gréasáin.

 

 

 






» Nasc Buan

Oifig an Chomisinéara Cosanta Sonraí. Teach na Canálach, Cúil an tSudaire, Co. Laoise. Éire
LoCall 1890 25 22 31 - Teileafón 00353 57 868 4800 - Faics 00353 57 868 4757 - email info@dataprotection.ie