Traenáil agus Feasacht Phoiblí
Chun Eagraíochtaí
Cuid den obair a déanaimid ná a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas conas a fheidhmeann an dlí um cosanta sonraí le do gníomhaíochtaí lá-go-lá. Deireann alt 2C de na hAchtanna um Chosaint Sonraí go gcaithfidh tú a chinntiú go gcomhlíonann na fostaithe le bearta slándála go gcaithfidh tú a chur i bhfeidhm chun cosaint sonraí pearsanta.
Táimid tar éis réimse ábhar a ullmhú go bhfuil súil againn go gcuideoidh siad leat cláir oiliúna saincheaptha dod fhoireann a fhorbairt.
Léiríonn ár DVD "My Data - Your Business? " conas na prionsabail um chosaint sonraí a chur i bhfeidhm i dtimpeallacht gnáth-gnó (poiblí nó príobháideach). Tá sé ag gabháil le " Treoir Éascaitheoirí " a spreagann plé-grúpa ar conas na prionsabail um chosaint sonraí a chur i gcleachtas i suíomh ar leith. Is féidir an DVD agus an Treoir a bhreathnú agus a íoslódáil anseo. Beidh áthas orainn freisin cóip a sheoladh chugat ach teagmháil a dhéanamh linn. Is féidir an DVD a fheiceáil freisin ar ár gcainéal YouTube www.youtube.com / dataprotection.
Tá sraith de cur i láthair PowerPoint ullmhaithe againn freisin maidir le gnéithe éagsúla a bhaineann le cosaint sonraí atá ar fáil anseo. Is féidir leat 'meascán-agus-comhoiriúnú' a dhéanamh ó na léiriúcháin éagsúla chun teacht suas le cur i láthair a oireann le riachtanais do lucht éisteachta / féachana ar leith.
Déanann ár Treoir do Rialaitheoirí Sonraí achoimre ar conas ba cheart d'eagraíochtaí déileáil le sonraí pearsanta a fhoirne agus a chustaiméirí. Is féidir leat ceachtar an treoir a íoslódáil nó teagmháil a dhéanamh linn cun cóipeanna clóite a fháil.
Táimid tar éis a tháirgint freisin acmhainn speisialta do scoileanna, lena n-áirítear chairt coimriú ar freagrachtaí Rialaitheoirí Sonraí agus cearta Abhair Sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003. Is féidir leat ceachtar an chairt a íoslódáil nó teagmháil a dhéanamh linn le haghaidh cóipeanna clóite.
Chun faisnéis níos mionsonraithe, féach le do thoil an fo-roinn Do chuid Freagrachtaí ar ár láithreán gréasáin.
Do dhaoine aonair agus Grúpaí
Cuid den obair a déanaimid ná a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas maidir le do chearta cosanta sonraí agus cad is féidir leat a dhéanamh más rud é nach bhfuil siad á chómhlíonú. Is achoimre é ár Treoir ar Do Chearta. Is féidir leat leagan clóite den leabhrán seo a fháil trí theagmháil a dhéanamh linn.
Tá cur i láthair PowerPoint le hachoimre ar do chearta um chosaint sonraí ar fáil anseo. Tá cur i láthair eile maidir le gnéithe éagsúla de chosaint sonraí ar fáil freisin. Is féidir leat 'meascán-agus-comhoiriúnú' a dhéanamh ó na léiriúcháin éagsúla chun teacht suas le cur i láthair a oireann le riachtanais do lucht éisteachta / féachana ar leith.
Chun faisnéis níos mionsonraithe, féach le do thoil an fo-roinn "Do dhaoine Aonair" ar ár láithreán gréasáin.
Cuireann roinnt eagraíochtaí cúrsaí ar fáil maidir le cosaint sonraí. Taispeántar thíos (in ord aibítre) liosta de chúrsaí a bhfuil eolas againn orthu. Ní thacaimid le aon chúrsa ar leith.
AN FORAS RIARACHAIN (www.ipa.ie)
Cúrsa "Introduction to Data Protection"
INTUITION
Cúrsa ar-líne ar fáil trí CPDWISE (www.cpdwise.com)
IRISH COMPUTER SOCIETY(www.ics.ie)
Cúrsa “Data Protection Essentials”
Cúrsa “Data Protection Practitioner”
PDP (www.pdp.ie)
Cúrsaí “Data Protection Essential Knowledge”
Cáilíocht chosaint sonraí http://www.pdp.ie/training/data_protection_qualification/
PUBLIC AFFAIRS IRELAND (www.publicaffairsireland.com)
Teastas i Chosaint Sonraí
VIGITRUST (www.vigitrust.com)
Cúrsa ar-líne
Cuirter modúil cosanta sonraí ar fáil freisin mar chuid de chláir TTF de chuid comhlachtaí gairmiúla éagsúla.
» Nasc Buan