Cód Cleachtais Sárú Slándáil Sonraí
1.Cuireann na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 oibleagáidí ar rialtóirí sonraí sonraí pearsanta[1] a chuirtear de chúram orthu a phróiseáil ar bhealach a léiríonn meas ar chearta na n-ábhar sonraí go bhfuil a gcuid sonraí a phróiseáil go cóir (Alt 2 (1)). Tá rialaitheoirí sonraí faoi oibleagáid ar leith chun bearta iomchuí a ghlacadh le slándáil sonraí den sórt sin a chosaint (Alt 2 (1) (d)). Níl feidhm ag an gCód seo maidir le soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí atá ar fáil don phobal - tuilleadh eolais sa Nóta Treorach.
2. Tá an Cód Cleachtais seo dírithe ar cásanna inar cuireadh sonraí pearsanta a bheith i mbaol nochtadh neamhúdaraithe, caillteanas, scriosadh nó athrú. Bíonn fócas Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí i gcásanna den tsórt sin ar chearta na n-ábhar sonraí maidir le phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta.
3. Nuair a bhíonn baol ann gur tairbhe ar an dteagmhas ná nochtadh neamhúdaraithe, chailleadh, scriosadh nó athrú ar sonraí pearsanta, i bhfoirm láimhe nó leictreonach, caithfidh an rialaitheoir sonraí aird a thabhairt láithreach ar iad siúd a ghoilleann an dteaghmas a chur ar an eolas[2]. I ngach cás is iomchuí, ba cheart freisin do rialtóirí sonraí eagraíochtaí a chur ar an eolais a d'fhéadfadh a bheith i riocht chun cabhrú le ábhair sonraí iad féin a chosaint lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, An Garda Síochána, institiúidí airgeadais msd. Tugann sé sin deis do ábhair sonraí na hiarmhairtí do gach duine acu a bhreithniú agus na bearta is cuí a ghlacadh chun iad féin a chosaint.
4. Má tá na sonraí lena mbaineann á chosaint trí bhearta teicneolaíocha, i dtreo go mbeadh siad dothuigthe do dhuine ar bith nach raibh údaraithe chun rochtain a fháil orthu, d'fhéadfhadh an rialtóir sonraí tátal a bhaint as nach bhfuil na sonraí i mbhaol, agus dá bhrí sin, nach bhfuil aon gá na hábhair sonraí a chur ar an eolas. Ní bheadh conclúid dá leithéid inchosanta ach amháin nuair a raibh na bearta teicneolaíochta (mar shampla, criptiú) de chaighdeán ard.
5. Ní mór do phróiseálaí sonraí gach teagmhas de chaillteanas rialú ar sonraí pearsanta i bhfoirm láimhe nó leictreonach a thuairisciú chuig an rialaitheoir sonraí ábhartha is luaithe a thagann an próiseálaí sonraí ar an eolas maidir leis an dteagmhas.
6. Ní mór Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí a chur ar an eolas maidir le gach teagmhas nuair a cuireadh sonraí pearsanta i mbaol chomh luath agus a thagann an rialtóir sonraí ar an eolas faoin teagmhas , ach amháin i gcás ina bhfuil an méid iomlán agus iarmhairtí an teagmhais á thuairisciú gan mhoill go díreach chuig an (na) ábhar sonraí i gceist agus nach mbhaineann sé le níos mó ná 100 ábhair sonraí agus nach bhfuil san áireamh sonraí pearsanta íogair nó sonraí pearsanta de chineál airgeadais[3]. I gcás amhras - go háirithe aon amhras ann a bhaineann le leordhóthanacht na bearta maolaithe riosca-theicneolaíoch - ba chóir don rialtóir sonraí tuairisc a thabhairt ar an dteagmhas do Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.
7. Ní foláir do rialtóirí sonraí go bhfuil dualgas orthu tuairisc a thabhairt do Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí i gcomhréir leis an gCód seo teagmháil tosaigh a dhéanamh laistigh de dhá lá oibre a bheith ar an eolas ar an dteagmhas, ag tabhairt cur síos ar na himthosca a ghabh leis an eachtra. Is féidir an chéad teagmháil seo a dhéanamh trí r-phost ( is fearr), ar an teileafón nó le facs agus gan sonraí pearsanta a bheith á chur in iúl. Déanfaidh Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí cinneadh maidir leis an gceanglas maidir le tuarascáil mhionsonraithe agus / nó imscrúdú ina dhiaidh sin ag brath ar chineál an teagmhais agus láithreacht nó a mhalairt de na mbearta iomchuí slándála fisiciúla nó teicneolaíochta chun sonraí a chosaint.
8. Má éilíonn Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar rialtóir sonraí tuarascáil mhionsonraithe i scríbhinn a chur ar fáil ar an dteagmhas, déanfaidh an Oifig fhráma ama a shonrú do sheachadadh an tuarascáil bunaithe ar chineál an teagmhais agus an fhaisnéis is gá. ní foláir go léiríodh tuarascáil den tsórt sin scrúdú cúramach ar na heilimintí seo a leanas:
- an méid agus nádúr na sonraí pearsanta a cuireadh i mbaol;
- na gníomhaíochtaí atá á nghlacadh chun na sonraí pearsanta a chuireadh i mbaol a shábháil nó a aisghabháil;
- na gníomhaíochtaí atá á nghlacadh chun na daoine lena mbaineann a chur ar an eolas nó cúiseanna leis an gcinneadh gan sin a dhéanamh;
- na gníomhaíochtaí atá á nghlacadh chun teorainn a chur ar damáiste nó anó dóibh siúd a ghoilleann an eachtra;
- croineolaíocht de na heachtraí a bhain leis an nochtadh; agus
- na bearta atá á dhéanamh chun cosc a chur ar athrá ar an dteagmhais.
9. Ag braith ar nádúr an eachtra, d'fhéadfadh Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí imscrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna a bhaineann leis an sárú sonraí. Féadfaidh a bheith san áireamh leis na himscrúduithe scrúdú ar-láthair ar na córais agus nósanna imeachta agus d'fhéadfadh a bheith mar thoradh moladh ábhair sonraí a chur ar an eolas faoi eachtra sárú slándála i gcás nach bhfuil sé déanta cheana féin ag an rialtóir sonraí. Más gá, féadfaidh an Coimisinéir úsáid a bhaint as a cumhachtaí forfheidhmiúcháin chun gníomhaíochtaí áirithe a chur i bfeidhm chun leasanna na n-ábhar sonraí.
10. Fiú amháin i gcás nach néilítear Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí a chur ar an eolas, caithfidh an rialtóir sonraí miontaifead de gach teagmhas a coinneáil. Ba chóir bheith san áireamh sa taifead croineolaíocht ar imeachtaí a bhain leis an sárú, na céimeanna a glacadh mar fhreagra air agus míniú ar cén fáth gur eisceacht an teagmhas ar an riachtanas Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí a chur ar an eolas. Cuirfear an taifead sin ar fáil do Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí arna iarraidh sin.
11. Tá feidhm ag an gCód Cleachtais seo maidir le gach catagóir de rialtóirí sonraí agus próiseálaí sonraí a thagann fé bhrid na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.
7 Iúil 2010
[1] Mura léirítear a mhalairt, tá an bhrí chéanna ag téarmaí a úsáidtear sa Chód seo - mar shampla "sonraí pearsanta", "sonraí pearsanta íogair"," rialtóir sonraí"," próiseálaí sonraí "- atá sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003
[2] Seachas i gcás inar iarraidh gníomhaireachtaí forghníomhaithe dlí moill chun críocha imscrúdaithe. Fiú amháin in imthosca den sórt sin ba chóir smaoineamh ar na hábhair sonraí a chur ar an eolas comh luath is a cheadaíonn dul chun cinn na h imscrúdaithe
[3]Ciallaíonn sonraí pearsanta de chineál airgeadais sloinne an duine , nó aon fhaisnéis eile ónar féidir sloinne an duine aonair a shainaithint gan mórán deachair, in éineacht le uimhir cuntais an duine sin , nó uimhir a chárta creidmheasa nó dochair
» Nasc Buan
