Data Protection Commission
 
Protecting your personal privacy in the information age
Know Your Rights

Lá Cosanta Sonraí 28ú Eanáir 2010
Ó mhargaíocht phoist go ríomhaireacht scamall: bliain is fiche de chosaint sonraí

Tá an Coimisinéir Cosanta Sonraí Billy Hawkes ag marcáil an 4ú Lá Cosanta Sonraí de chuid Comhairle na hEorpa, amárach 28ú Eanáir 2010 le hamharc siarghabhálach achomair ar an mbliain is fiche ón uair a tháinig a oifig siúd chun feidhme:


"Ón uair a bunaíodh m’oifigse sa bhliain 1999, tá comhthéacs ár gcuid oibre mar rialaitheoir príobháideachais tar éis athrú thar cuimse trí mheán na teicneolaíochta agus fachtóirí eile.  Fós féin, ag leibhéal níos bunúsaí, fanann na hábhair imní mar an gcéanna.  Is féidir go leor fadhbanna a sheachaint fós le cúirtéisí simplí cosúil le comhthoil a lorg, meas a léiriú ar chustaiméirí agus déileáil lena gcuid sonraí ar bhonn freagrach.  I mbliana tá deis á sholáthar ag an Lá Cosanta Sonraí a gcuid freagrachtaí um chosaint sonraí a chur gcuimhne d’eagraíochtaí agus a chur i gcuimhne do bhaill an phobail go bhfuil cearta cosanta sonraí acu.  Is féidir linn uile ard a thabhairt ar na dúshláin a thug aghaidh orainn le bliain is fiche anuas – agus na dúshláin atá fós le teacht.  De réir mar a ghnóthaíonn cosaint sonraí stádas an chirt bhunúsaigh faoi Chonradh Liospóin, táimid ag súil le leanúint ar aghaidh leis an obair maidir le smacht ceart a thabhairt do dhaoine ar úsáid a gcuid faisnéise pearsanta"

Léiríonn na tuarascálacha is luaithe ón Oifig imní forleathan le saincheisteanna creidmheasa tomhaltóra, imní a mheathlaigh i gcaitheamh na mblianta ina dhiaidh sin ach a d'eascair arís i 2009 - comhartha na hama úd.  Níl dabht ann ach go bhfuil feasacht ar ról an Choimisinéara Cosanta Sonraí tar éis feabhsú ón uair a rinne Coimisinéir roimhe seo tréan iarracht a chur ina luí ar bhaill áirithe den phobal nach raibh bunachar sonraí ollmhór de thaifid gach éinne ina sheilbh aige.  Leis sin ráite, i gcaitheamh bliain is fiche de rialaitheoirí agus lucht próiseála sonraí na hÉireann a chlárú, tá réimse leathan faisnéise curtha i gcrích ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí maidir le conas mar a dhéanann eagraíochtaí móra ár gcuid faisnéise a phróiseáil.  Tá an fhaisnéis seo ar fad infhaighte ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara agus síneann an Coimisinéir a lámh i dtreo iontráil An Garda Síochána  mar shampla atá thar a bheith faisnéiseach agus trédhearcach.  Ar deireadh tairgeann an Coimisinéir dearcadh achomair ar thírdhreach an phríobháideachais a thabharfaidh aghaidh orainn sa todhchaí.

Sa bhreis ar sin tá margaíocht á dhéanamh ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar an Lá Cosanta Sonraí trí páirt a ghlacadh i gcomhthionscnamh lenár gcomhghleacaithe in Oifig an Choimisinéara Faisnéise sa Ríocht Aontaithe chun feasacht a ardú ar chearta cosanta sonraí i measc déagóirí.

Nóta do na hEagarthóirí:
Tá sé beartaithe ag Comhairle na hEorpa gur cheart go mbeadh lá speisialta ann gach bliain atá tiomnaithe do Chosaint Sonraí. Is é 28 Eanáir an comóradh ócáide d’oscailt chun sínithe an Comhdhála um Chosaint Sonraí de chuid Comhairle na hEorpa. Is í seo an ceathrú bliain go bhfuil tíortha ar fud na hEorpa agus gan dabht níos faide i gcéin tar éis an lá a mharcáil trí feasacht a ardú i leith cosaint sonraí agus cearta príobháideachais. Féadfar teacht ar bhreis eolais i leith Lá Cosanta Sonraí de chuid Comhairle na hEorpa ag: http://www.coe.int/t/e/legal_affairs/legal_co-operation/data_protection/

Fiosrúcháin na Meán:   Diarmuid Hallinan
Guthán   (057) 868 4800
Facs    (057) 868 4757
Rphost   dphallinan@dataprotection.ie
Suíomh Gréasáin www.dataprotection.ie

27ú Eanáir 2010






» Nasc Buan

Oifig an Chomisinéara Cosanta Sonraí. Teach na Canálach, Cúil an tSudaire, Co. Laoise. Éire
LoCall 1890 25 22 31 - Teileafón 00353 57 868 4800 - Faics 00353 57 868 4757 - email info@dataprotection.ie