|
PREAS RÁITEAS LÁNCHOSC 8Ú AIBREÁN 2010 - 11.30 rn
Seolann an Coimisinéir Cosanta Sonraí a Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2009.
Sheol an Coimisinéir Cosanta Sonraí a thuarascáil don bhliain 2009 inniu. Díríonn a thuarascáil athuair ar fhreagracht eagraíochtaí na hearnála príobháidí agus poiblí chun meas a léiriú agus iad ag déileáil le heolas pearsanta a gcuid custaiméirí agus cliant.
Gearáin, imscrúduithe agus ionchúisimh Le linn 2009 d’oscail Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí 914 gearán le haghaidh imscrúdaithe. Féadfaidh an laghdú faoi nach mór leath le dhá bhliain anuas ar ghearáin maidir le margaíocht dhíreach i dteachtaireachtaí téacs, glaonna gutháin, teachtaireachtaí facs agus rphoist gan iarraidh an laghdú beag seo ar fhigiúr na bliana 2008 (1031) a mhíniú ar bhealach amháin. Féadfar é seo a chur i bpáirt i leith roinnt ionchúiseamh in aghaidh líon cuideachtaí ag feidhmiú san earnáil teachtaireachta téacs ardráta. Áiríodh i measc na n-ionchúiseamh rathúil sa bhliain 2009 ceithre chuideachta ag feidhmiú san earnáil teachtaireachta téacs ardráta, bialann agus giomnáisiam. Athchionta a bhí i gceist i ngach cás.
Dar leis an gCoimisinéir ba chóir go mbeadh an teachtaireacht óna Oifig siúd soiléir anois – déanfar ionchúiseamh ar aonáin a leanann den chiontú maidir le margaíocht leictreonach.
Sáruithe na slándála sonraí Tugann an Coimisinéir tuairisc chomh maith ar iarrachtaí chun líon agus tionchar na sáruithe slándála sonraí a íoslaghdú, agus, nuair a tharlaíonn sáruithe dá leithéid seo, eagraíochtaí a spreagadh chun na teagmhais a chur in iúl go toilteanach dá Oifig. Tuairiscíodh 119 sárú slándála sonraí don Oifig sa bhliain 2009, méadú 47% ar líon na dtuarascálacha a fuarthas sna 12 mhí roimhe sin (tuairiscíodh 81 sárú sa bhliain 2008) Tugann an Coimisinéir tuairisc ar sháruithe slándála sonraí iomráiteacha a tharla sa bhliain 2009 ina raibh Bord Gáis Éireann agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte bainteach (féach leathanaigh 16 agus 17 den Tuarascáil).
Ábhair Ghinearálta Baineann an Coimisinéir úsáid as a Thuarascáil Bhliantúil chomh maith chun béim a leagadh ar a chuid ábhar imní maidir le neamhábaltacht reatha na hOifige imscrúdú a dhéanamh ar theachtaireachtaí téacs, rphoist nó glaonna gutháin gan iarraidh ó iarrthóirí le haghaidh toghchán nó ó pháirtithe polaitíochta. Tugann sé breac-chuntas chomh maith ar an toradh a tháinig as páirtíocht in éineacht leis an nGarda Síochána maidir lena chóras cláruimhreach uathoibríoch. Tugann an Tuarascáil breac-chuntas chomh maith ar dhearcaidh an Choimisinéara ar an mBille DNA, an Bille Cumarsáide (Coinneáil Sonraí) agus Bille um Chiontuithe Caite. Tugann an tuarascáil cuntas chomh maith ar dhíospóireachtaí le Google maidir le Google Streetview in Éirinn.
Cás-Staidéir Áirítear cás-staidéir ar roinnt imscrúduithe sonracha i dtuarascáil an Choimisinéara lena n-áirítear:
- Quinn Insurance ag lorg faisnéise iomarcaí maidir le Pointí Pionóis ó dhaoine ag iarraidh meastachán a fháil le haghaidh árachais cairr
- Toradh tástála atharthachta curtha chuig an seoladh mícheart
- Úsáid cártaí poist chun críocha cumarsáide le custaiméirí maidir le cuntais thar téarma
- Fostóir ag déanamh faireachas ceilte ar fhostaí
- Ionchúiseamh Jackie Skelly Fitness i leith teachtaireachtaí téacs margaíochta gan iarraidh
- Ionchúiseamh Brasserie Sixty6 i leith teachtaireachtaí téacs margaíochta dírí gan iarraidh a sheoladh
- Faisnéis phearsanta á nochtadh ag aerlíne de bharr bearta slándála neamhchuí
Tabhair faoi deara: Tá an Tuarascáil Bhliantúil ar fáil le híoslódáil i bhformáid PDF ó shuíomh gréasáin an Choimisinéara Cosanta Sonrai: www.cosantasonrai.ie
Fiosrúcháin na Meán chuig: Diarmuid Hallinan
Guthán (057) 868 4800 Facs (057) 868 4757 R-phost dphallinan@dataprotection.ie Suíomh gréasáin www.cosantasonrai.ie
» Permanent Link
|