|
Suirbhé Príobháideachta 'Mise Ar-Líne'. Do mharcáil Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí Lá Chosaint Sonraí Chomhairle na hEorpa, 28 Eanáir, 2010, trína bheith rannpháirteach i dtionscnamh i gcomhar le comhghleacaithe in Oifig an Choimisinéara Faisnéise an Ríocht Aontaithe chun feasacht ar chearta cosanta sonraí a mhéadú i measc déagóirí. 'Mise Ar-Líne' Taobh amuigh de fheasacht a chur chun cinn ar chosaint sonraí agus nithe príobháideachta le léiriúcháin a sheachadadh agus fóraim phlé a óstáil, do glacadh an deis chomh maith chun suirbhé a dhéanamh chun leibhéil fheasachta ar shaincheisteanna cosanta sonraí a thomhas agus an méid go dtugann daoine óga aird ar faisnéis phearsanta a chosaint ar líne. Coláiste Chroí Ró-Naofa, Droichead Nua, Co Chill Dara. Do chuir Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí sraith de léiriúcháin ar fáil do mhic léinn dara leibhéal i gColáiste Chroí Ró-Naofa, Droichead Nua, Co Chill Dara ar Lá Cosanta Sonraí - 28 Eanáir 2010. Roghnaíodh an scoil go randamach. Tar éis na léiriúcháin, do rinneadh suirbhé gan ainm i measc na mic léinn maidir lena n-eolas agus a ndearcadh i leith phríobháideacht ar líne. Fuarthas 77 ceistneoirí comhlánaithe san iomlán agus rinneadh anailís orthu. Tá torthaí na suirbhé a rinneadh ar na mic léinn dara leibhéal in Éirinn ar fáil anseo. Torthaí Suirbhé Foriomlán
Tá an tuarascáil iomlán ar an suirbhé, leis na réigiúin go léir sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn á ionchorprú, ar fáil anseo.
[1] Is tionscnamh 'freagracht shóisialta chorparáideach' é an tionscadal "Mise Ar-Líne" a bhunaigh an comhlacht dlí Ríocht Aontaithe Speechly Bircham agus é tacaithe ag príomhgnólachtaí dlí eile agus roinnt de comhlachtaí sna meáin. » Permanent Link |
|||
|
|||