|
Comhairliúchán ar Cód a fhorbairt maidir le Sárú Slándáil Sonraí
Do mheas an Grúpa Athbhreithnithe um Chosaint Sonraí a bhunaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí, i measc rudaí eile, an caoi chun a chinntiú go gcomhlíonfar oibleagáidí tuairiscithe na n-eagraíochtaí i ndáil le sárú ar shlándáil sonraí chun chearta na n-ábhair sonraí a chosaint. Tar éis tréimhse chomhairliúcháin phoiblí, d'eisigh an Grúpa Athbhreithnithe tuarascáil a mhol:
"Ba chóir na hoibleagáidí tuairiscithe de rialtóirí sonraí i ndáil le sárú sonraí a bheith leagtha amach i gCód Cleachtais reachtúil de réir mar a fhoráiltear faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí. Ba chóir don Cód, go ginearálta bunaithe ar na treoirlínte reatha ón CCS, leagaint amach na himthosca ina mbeadh oibligéad ann sárú sonraí a nochtadh. D'fhéadfadh toradh ar loiceadh oibleagáidí nochtaithe an Cóid a comhlíonadh ná a bheith ionchúisithe ag an CCS. "
D'ullmhíodh an dréacht-Chód Cleachtais seo a leanas mar fhreagairt ar an moladh seo ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chosaint Sonraí. Mar leanúint ar an cleachtadh comhairliúcháin atá luaite thuas, tugtar cuireadh de baill an phobail barúlacha agus tuairimí i ndáil leis an dréacht-Chód a sheoladh trí ríomhphost chuig:
eolas@cosantasonrai.ie
nó tríd an bpost chuig:
Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí Teach na Canálach Bóthar an Stáisiúin Cúil an tSúdaire Co na Laoise
Ba chóir do gach tuairimí agus barúlacha a bheith faighte roimh 5pm ar an Aoine 18 Meitheamh, 2010. Dréacht Cód Cleachtais Sárú Slándáil Sonraí Fórálann Alt 2 (1) (d) mar a forbraíodh in Alt 2C de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 go mbeidh na bearta slándála iomchuí a ghlacadh chun rochtain neamhúdaraithe nó phróiseáil neamhdhleathach ar sonraí pearsanta a chosc. Is sárú ar an riachtanas seo aon chaillteanas de rialú ar sonraí pearsanta ag rialtóir sonraí gur, nó go bhféadfadh, an toradh a bheith air ná scriosadh, caillteanas, athrú, nochtadh neamhúdaraithe nó rochtain ar shonraí pearsanta, bíodh sé tubaisteach nó neamhdleathach.
Bíonn fócas Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí i gcásanna den tsórt sin ar chearta na n-ábhar sonraí go gcuireann eachtra sárú slándáil sonraí isteach orthu. Ní foláir do rialtóirí sonraí agus iad ag plé le sárú ar a n-oibleagáidí slándáil sonraí breithniú a thabhairt láithreach ar an eolas a chur ar iad siúd go gcuireann an eachtra isteach orthu. Tugann sé sin deis do ábhair sonraí na hiarmhairtí do gach duine acu a bhreithniú agus na bearta is cuí a ghlacadh chun iad féin a chosaint. Ba cheart freisin do rialtóirí sonraí eagraíochtaí a chur ar an eolais a d'fhéadfadh a bheith i riocht chun cabhrú le ábhair sonraí iad féin a chosaint lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, An Garda Síochána, institiúidí airgeadais etc
Ní mór Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí a chur ar an eolais maidir le gach eachtra de chaillteanas ar rialú ar sonraí pearsanta ag rialtóir sonraí chomh luath agus a thagann an rialtóir sonraí ar an eolais faoin eachtra, ach amháin: (i) i gcás ina raibh na sonraí pearsanta dorochtanach i gcleachtas de bharr iad a bheith stóráilte ar threalamh criptithe agus le pasfhocal láidir nach raibh an focal faire inrochtana do dhaoine neamhúdaraithe; (ii) i gcás ina raibh na sonraí pearsanta stóráilte ar threalamh le pasfhocal láidir agus le háis chun sonraí a scrios go hiargúlta, áis a bhí curtha i ngníomh go díreach i ndiaidh an eachtra agus gan é bheith so-creidthe go rinneadh rochtain ar na sonraí pearsanta roimh scriosadh na sonraí ; (iii) i gcás ina bhfuil an méid iomlán agus iarmhairtí an teagmhas a thuairisciú gan mhoill go díreach chuig an (na) ábhar sonraí i gceist agus nach mbhaineann sé le níos mó ná 100 ábhair sonraí agus nach bhfuil san áireamh sonraí pearsanta íogair nó sonraí airgeadais pearsanta a d'fhéadfadh a bheith a úsáideadh chun goid aitheantais.
Fiú amháin i gcás nach n'éilítear Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí a chur ar an eolais, caithfidh an rialtóir sonraí taifead de gach teagmhas a coinneáil agus na céimeanna a glacadh chun freagra air. Cuirfear an taifead sin ar fáil do Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí arna iarraidh sin.
Ní foláir do rialtóirí sonraí go bhfuil éileamh orthu tuairisc a thabhairt do Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí i gcomhréir leis an gCód seo é sin a dhéanamh laistigh de dhá lá oibre a bheith ar an eolas ar an teagmhas. Ní foláir do rialtóirí sonraí den sórt sin tuarascáil mhionsonraithe a chur ar fáil ar an teagmhas a léiríonn go cúramach na heilimintí seo a leanas: • an méid agus nádúr na sonraí pearsanta a cuireadh i mbaol; • na gníomhaíochtaí a ghlacadh chun na sonraí pearsanta a chuireadh i mbaol a shábháil nó a aisghabháil; • na gníomhaíochtaí atá á nghlacadh chun na daoine lena mbaineann a chur ar an eolais nó cúiseanna leis an gcinneadh gan sin a dhéanamh; • gníomhaíochtaí (más ann) atá á nghlacadh chun teorainn a chur ar damáiste nó anó dóibh siúd a ghoilleann an eachtra; agus • croineolaíocht de na heachtraí a bhain leis an nochtadh. Éilítear tuairisc eile a chuireann síos ar na bearta atá á dhéanamh chun cosc a chur ar athrá ar an dteagmhas.
Déanfaidh Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí imscrúdú ar na saincheisteanna a bhaineann leis an sárú sonraí. Féadfaidh a bheith san áireamh leis na hmscrúduithe scrúdú ar- láthair ar na córais agus nósanna imeachta agus d'fhéadfadh a bheith mar thoradh úsáid cumhachtaí dlíthiúla an Choimisinéara chun gníomhaíochtaí áirithe a chur i bfeidhm. D'fhéadfadh a bheith san áireamh i ngníomhaíochtaí den tsórt sin moladh nó ceanglas ábhair sonraí a chur ar an eolais faoi eachtra sárú slándála i gcás nach bhfuil sé déanta cheana féin ag an rialtóir sonraí.
» Permanent Link
|