Cé orthu go bhfuil an oibleagáid chun Clárú?
Faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003, ní foláir do cineálacha áirithe de rialtóirí sonraí agus próiseálaithe sonraí a bhfuil bunú dlíthiúil, nó a bhaineann leas as trealamh, sa Stát, clárú má tá siad i seilbh sonraí pearsanta i bhfoirm uathoibríoch (m.sh. ar ríomhaire).
Mar rial ginearálta, ní foláir do rialtóirí sonraí clárú mura féidir leo éileamh a dhéanamh ar díolúine faoi Alt 16 (1) (a) nó (b) dena hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus nó ceann de na díolúintí atá liostaithe in alt 3 de IR 657/2007.
Ní féidir leis na catagóirí seo a leanas de rialtóirí sonraí agus próiseálaithe sonraí, mar a liostáiltear in alt 4 den SI657 of 2007, éileamh a dhéanamh ar aon díolúine, agus dá bhrí sin, ní foláir dóibh clárú:
a) rialtóir sonraí, gur institiúid airgeadais é, seachas institiúid dá dtagraítear i míreanna (a) agus (f) d'alt 7 (4) (a cuireadh isteach le halt 33 de, agus Cuid 4 de Sceideal 3, den Acht um Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais, 2004 (Uimh. 21 de 2004)) den Acht um Bhanc Ceannais 1971 (Uimh. 24 de 1971);
(b) rialtóir sonraí, duine a bhfuil údaraithe i gcomhréir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ceadúnú agus Maoirseacht ar Institiúidí Creidmheasa) 1992 (IR Uimh 395 de 1992) a bhfuil cead aige gnó a dhéanamh sa Stát;
(c) rialtóir sonraí, gur gnóthas árachais é de réir bhrí alt 2 (arna leasú le halt 3 den Acht Árachais 2000 (Uimh. 42 de 2000)) den Acht Árachais 1989 (Uimh. 3 de 1989);
(d) rialtóir sonraí, gur duine lena bhaineann a gnó go hiomlán nó go príomha le margaíocht dhíreach, ag soláthar tagairtí creidmheasa nó fiacha a bhailiú;
(e) rialtóir sonraí, gur soláthraí rochtain ar an idirlíon é lena bhaineann a gnó go hiomlán nó go páirteach i dtaca le daoine a chur ar an idirlíon agus atá i seilbh na sonraí pearsanta a bhaineann le daoine den sórt sin;
(f) rialtóir sonraí, gur gnóthas údaraithe é de réir bhrí na Rialacháin an gComhphobal Eorpach (Líonraí Leictreonacha Cumarsáide agus Seirbhísí) (Údarú) 2003 (IR Uimh 306 de 2003) a bhíonn ag próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le daoine go bhfuil líonraí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil dóibh;
(g) rialaitóir sonraí a bhfuil sonraí géiniteacha de réir bhrí alt 41 den Acht um Míchumas 2005 (Uimh. 14 de 2005) a phróiseáil aige;
(h) próiseálaí sonraí a bhfuil sonraí pearsanta a phróiseáil aige thar ceann rialtóra sonraí a dtagann faoi aon cheann nó níos mó de mhíreanna (a) go (g) thuas.
Cé atá díolmhaithe?
Forálann an tAcht díolúine ó clárú do roinnt eagraíochtaí. Foráltar díolúintí le haghaidh an méid seo a leanas:
• eagraíochtaí nach bhfuil próiseáil a dhéanamh acu ach amháin chun clár a choinneáil, i gcomhréir leis an dlí, a bhfuil sé beartaithe eolas a chur ar fáil don phobal;
• eagraíochtaí nach bhfuil a phróiseáil acu ach sonraí láimhe (mura bhfuil cheangal chlárúcháin forordaithe ag an gCoimisinéir maidir leis na sonraí) ;
• eagraíochtaí nach bhfuil bunaithe nó eagraithe le haghaidh brabúis agus go bhfuil sonraí a phróiseáil acu a bhaineann lena gcuid comhaltaí agus tacadóirí agus a gcuid gníomhaíochtaí.
Achoimre ar na díolúintí eile a fhéadfar a éileamh
• rialtóirí sonraí nach bhfuil a phróiseáil acu ach sonraí a bhaineann le riarachán pearsanra;
• Iarrthóirí agus sealbhóirí oifige polaitiúla roghnacha nach bhfuil a phróiseáil acu ach sonraí pearsanta le haghaidh gníomhaíochtaí toghcháin nó chun críche comhairle nó cúnamh a sholáthar;
• bunaíochtaí oideachais i ndáil le feidhmeanna a bhaineann le soláthar oideachais;
• Aturnaetha agus abhcóidí nach bhfuil a phróiseáil acu ach sonraí pearsanta chun críocha dlíthiúla gairmiúla;
• Tá díolúine leathan ar fáil do gnáth-gníomhaíocht tráchtála a éilíonn dá réir phróiseáil sonraí pearsanta, mar shampla, sonraí custaiméirí agus soláthróirí a coinneáil (ní áirítear sa díolúine seo rialtóirí sonraí go bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó mheabhrach a phróiseáil acu);
• Cuideachtaí nach bhfuil a phróiseáil acu ach sonraí pearsanta a bhaineann le scairshealbhóirí, stiúrthóirí nó oifigeach eile de chuid na cuideachta ar mhaithe le comhlíonadh Achtanna na gCuideachtaí;
• rialtóirí sonraí nach bhfuil a phróiseáil acu ach sonraí pearsanta d'fhonn ábhar iriseoireachta, liteartha nó ealaíonta a fhoilsiú ;
• próiseálaithe sonraí a bhfuil sonraí pearsanta a phróiseáil acu thar ceann rialaitheoirí sonraí i gcás ina mbeadh phróiseáil na sonraí clúdaithe faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí thuas.
Déan tagairt do SI657 (2007) i gcóir liosta cuimsitheach de na díolúintí
» Nasc Buan
