MAIDIR LINNE Tá cosaint sonraí ag baint le do cheart bunúsach chun príobháideachta. Tá oOfig an Choimisinéara Cosanta Sonraí bunaithe faoin Acht um Chosaint Sonraí1988. Do chuir an tAcht um Chosaint Sonraí (Leasú) 2003 an reachtaíocht cothrom le dáta, ag cur chun feidhme forálacha de Threoir an AE 95/46. Leagann naa hAchtanna amach an prionsabal ginearálta gur chóir go mbeadh daoine in ann a rialú conas a bhaintear úsáid as na sonraí a bhaineann leo . Tá an Coimisinéir um Cosanta Sonraí freagrach as tacú le cearta an duine aonair, mar a leagtar amach sna hAchtanna, agus na n-oibleagáidí ar rialtóirí sonraí a fhorfheidhmiú. Tá an Coimisinéir ceaptha ag an Rialtas agus tá sé neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna. Daoine Aonair a bhraitheann a gcuid cearta á sárú, is féidir leo gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir, a dhéanfaidh imscrúdú ar an gceist, agus a glachfaidh cibé céimeanna d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun é a réiteach. Teagmháil a Dhéanamh Linn : Sonraí teagmhála ginearálta don Oifig lena n-áirítear foirmeacha ar-líne. Seirbhíse Custaiméara : Tá mionsonraí ar an Chairt Chustaiméirí don Oifig seo lena n-áirítear an plean gníomhaíochta seirbhíse custaiméara, seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge agus inrochtaineacht do dhaoine le míchumais. Ráiteas Misin : Mionsonraí ar ráiteas misin na hOifige, lena n-áirítear an téacs iomlán den Ráiteas Straitéise. Cairt na hEagraíochta : Chuideoidh sé seo leat chun aithint cé duine san Oifig a bheidh in ann cabhrú leat. Rialacháin um Athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí 2005 (IR 279 de 2005) : Eolas ar an gcaoi a gcomhlíonann an Oifig a dhualgasí faoi na rialacháin um ath-úsáid faisnéise na hearnála poiblí. |
|||
|
|
|||